TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
view1, s. 1 Radharc m, amharc m. At first view, ar an gcéad amharc. I should like to get a nearer view of it, ba mhaith liom amharc de dheas dom a fháil air. On view, ar taispeáint. 2 a Exposed to view, os comhair an tsaoil, os coinne cách. He passed from our view, chuaigh sé ó radharc orainn. In view, i radharc; faoi raon radhairc. At last a house came into view, sa deireadh nocht teach chugainn. We were in view of land, bhí talamh le feiceáil againn. b Field of view, (of telescope) raon m radhairc. 3 (Prospect) a Radharc m, amharc m (taobh tíre). Front view of the hotel, éadan an tí aíochta. You will get a better view of it from here, is fearr an radharc a bheas uaidh seo agat air. Point of view, dearcadh m. b Arch: Front view, amharc m éadain. c To keep sth. in view, do shúil a choimeád ar rud. 4 To offer a general view of the subject, léargas ginearálta a thabhairt ar an ábhar. 5 Dearcadh m, tuairim f, barúil f -a. To take a right view of the matter, dearcadh ar an scéal mar is ceart. He holds extreme views, tá tuairimí míchuíosacha aige. He has very decided views on the subject, tá sé an-stóinsithe ina thuairimí faoin gceist. What are your views on the matter? cad a déarfása leis an scéal? In my view, i mo thuairimse; de réir mar a cheapfainnse. To share s.o.'s views, bheith ar aon tuairim le duine. 6 In view of the fact that. . ., ó tharla go ... In view of that, ó tharla sin amhlaidh. In view of the distance . . ., i ngeall ar an achar ... 7 (Intention ) Intinn f, toil f -a. He fell in with my views, tháinig sé liom; rinne sé de réir mo thola. Will this meet your views? an mbeidh sé seo chun do shásaimh? To have sth. in view, rud a bheith ar intinn agat. With a special object in view, agus aidhm áirithe agat. With a view to doing sth., d'fhonn rud a dhéanamh. He went there with a view to finding out the truth, d'iarraidh na fírinne a chuaigh sé ann.
view2, v.tr. 1 Breathnaím, féachaim, iniúchaim. Did you view the farm? ar shiúil tú an fheirm? 2 Breathnaím ar, tá intinn (áirithe) agam air. The proposal is viewed unfavourably by the authorities, ní thaitníonn an moladh leis na húdaráis, tá intinn na n-údarás in aghaidh an mholta. 3 Feicim. To view the fox away, radharc a fháil ar an sionnach ag baint chun reatha.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Bird's-eye view, perspective, radharc m anuas(of, ar).
Factory chimneys that disfigure the view, simléir monarchana a mhilleann an radharc.
Distance lends enchantment to the view, is mór taibhseach iad adharca na mbó thar lear; is glas iad na cnoic i bhfad uainn.
A distant view of sth., radharc i bhfad uait (uaidh, etc.) ar rud.
With this end in view, chun an cuspóir seo a bhaint amach.
Phot: (View-)finder, lorgán m radhairc.
From your point of view, ó do thaobhsa dhe; de réir mar a fheictear duitse.
To get a fine view of sth., radharc maith a fháil ar rud.
Preliminary investigations with a view to . . ., réamhfhiosrú féachaint . . .
What object has he in view? cad é atá faoi aige?
To obscure sth. from s.o.'s view, rud a fholach ar dhuine.
To obstruct the view, an radharc a cheilt.
Open view, radharc fairsing.
Point of view, view-point, dearcadh m, barúil f.
To consider sth. from all points of view, gach taobh den scéal a mheáchan.
To take a right view of things, breathnú ar rud mar is ceart.
To screen sth. from view, rud a fholach ó radharc.
The trees shut out the view, tá an radharc folaithe ag na crainn.
To view it from another standpoint, é a bhreathnú ó thaobh eile.