TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
distance, s. 1 a Achar m, fad m. Within speaking distance, fad éisteachta. It is no distance (away), ní achar ar bith as seo é. (Seen) from a distance, i bhfad uait. Distance lends enchantment to the view, is mór taibhseach iad adharca na mbó thar lear; is glas iad na cnoic i bhfad uainn. b I saw it away in the distance, chonaic mé i bhfad uaim é. Art: Middle-distance, meán-ionad m. 2 To go part of the distance on foot, dul tamall den tslí de chois. 3 Achar m. He kept her at a distance, choinnigh sé amach uaidh í. Distance between tracks, achar idir rianta. 4 Distance of manner, dúnáras m.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The distance across, (i) an leithead; (ii) fad an phasáiste.
Away back in the distance, amuigh thall, thiar, etc.; i bhfad siar uainn.
To cover a distance, achar a shiúl, a thaisteal.
Within easy distance, within easy reach, of the city, i ngar don chathair; aistear beag ón gcathair.
Within hailing distance, faoi fhad scairte.
In the distance, i bhfad uait.
Sp: Long-distance runner, reathaí rásaí fada.
We made the whole distance in ten days, chuireamar an tslí uile dínn deich lá.
F: Within measurable distance of, faoi chúpla croma de.
It is no distance, níl sé i bhfad ar chor ar bith, in aon chor.
To pace (off) a distance, fad a thomhas ina choiscéimeanna.
Long distance race, rás fada.
In the distance rises a castle, i bhfad uainn tá caisleán ina sheasamh.
I saw him in the distance, chonaic mé uaim é.
Seeing distance, fad amhairc; feadh radhairc; raon m súl.
The distance which separates the two towns, an fad atá idir an dá bhaile.
Some distance from here, achar as seo.
To stare into the distance, stánadh amach ar an bhfairsinge.
To step (off, out) a distance, achar a thomhas i gcéimeanna, a chéimniú.
Within striking distance, faoi fhad buille.
Her voice trailed off in the distance, chuaigh a glór ó chlos i bhfad uaim (uait, etc.).
In view of the distance . . ., i ngeall ar an achar ...
Visual distance, raon m radhairc.
It is within ten minutes' walking distance, tá sé i ngaireacht deich nóiméad siúil.
It is within walking distance, tá sé insiúlta.