Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: seep · skep · steep · steip · stem
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh step »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
step1, s. 1 Céim f, coiscéim f. To take a step backwards, dul coiscéim ar gcúl. He turned his steps towards . . ., thug sé aghaidh ar . . . Step by step, céim ar chéim. Within a step of the house, faoi choiscéim den teach. It is a good step, tá sé achar maith as seo. That is a great step forward, sin céim mhaith ar aghaidh. F: To tread in the steps of s.o., siúl i mbróga duine. 2 a Mil: Quick step, mearchéim. To keep step, siúl ar chomhchéim. b El.E: Alternators in step, ailtéarnóirí mpl i sioncroineacht. To break step, dul ó chéim. c Céim f (rince). 3 Gníomh m, beart m. To take a rash step, beart díchéillí a dhéanamh. If you take such a step . . ., má dhéanann tú a leithéid . . . To take the necessary steps, an riachtanas a dhéanamh. To take steps to do sth., cur chun rud a dhéanamh. The first step will be to . . ., is é an chéad rud atá le déanamh ... 4 Céim f (staighre); runga m (dréimire). Flight of steps, staighre m. 5 (Pair, set of) steps, dréimire taca. 6 a Eang f. Steps of a key, fiacla fpl eochrach. b Ceap treo m (crann báid).
step2, v. I v.i. Tugaim coiscéim; céimním, siúlaim. Step this way, an bealach seo, le do thoil. II v.tr. 1 a To step (off, out) a distance, achar a thomhas i gcéimeanna, a chéimniú. b To step a reel, cor a dhamhsa. 2 Cuirim cíor ar (bhalla, etc.). 3 Nau: To step a mast, crann a chur sa cheap treo.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Access to the door is by a flight of steps, suas staighre a théitear go dtí an doras.
Take a step back, tóg coiscéim ar gcúl.
He looks as if he had just stepped out of a bandbox, is geall le cat siopa é.
(Direct) To bend one's steps towards a place, aghaidh do chos a thabhairt ar áit.
To break step, dul ón gcoiscéim.
Buoyant step, coiscéim f éasca.
I took every step that I possibly could, rinne mé mo sheacht míle dícheall, gach ar fhéad mé.
To direct one's steps towards ..., dul i dtreo ..., déanamh ar . . .
To take a false step, botún a dhéanamh.
Stepped gable, binn chéimneach.
Gym: Giant step, stride, ábhalchéim f.
He went back on his steps, lean sé a rian féin ar ais.
It's a goodish step from here, tá sé achar maith as seo
Have the goodness to step in, buail isteach le do thoil.
To incline one's steps towards a place, aghaidh na gcos a thabhairt ar áit.
To walk, step, lightly, (i) siúl go héadrom; (ii) siúl go héasca, go haclaí.
For a long time past he had been contemplating this step, le fada roimhe sin bhí sé ag cuimhneamh ar an méid sin a dhéanamh.
Mincing steps, coiscéimeanna beaga, gearra.
Mind the step, fainic thú féin ar an gcéim.
Pair of steps, dréimire taca.
To pick one's steps, siúl go faichilleach.
Step pulley, ulóg ghrádach.
Windows reached by a flight of three steps, fuinneoga a bhfuil trí chéim ag dul suas go dtí iad.
To retrace one's steps, filleadh ar do choiscéim.
To step into s.o.'s shoes, suí in áit duine.
Short steps, coiscéimeanna gearra.
He stepped aside so that I might enter, dhruid sé i leataobh sa chruth go, i dtreo go, sa chaoi go, bhféadfainn dul isteach.
Soft step, coiscéim chiúin, shocair.
His step has not lost its spring, tá sé beo friochanta ar a chois fós.
To step off with the left foot, tosú ar an gcois chlé.
To step on the grass, siúl ar an bhféar.
Someone stepped on my foot, shatail duine éigin ar mo chois.
P: Step on it! cuir bealadh faoi d'ioscaidí!
Aut: To step on the brakes, cos a bhualadh ar an gcoscán.
Nau: To step on board, dul ar bord.
As we stepped out in the sunshine, ag gabháil amach faoin ngrian dúinn.
To step over to s.o.'s house, sciurdadh anonn go teach duine.
To step up to s.o., teacht i láthair duine.
F: To step up the work, dlús a chur leis an obair.
Stepped gear(ing), giar céimneach.
F: A stepping-stone to a better position, cos f i dtaca ar bhealach do leasa.
Stepping stones, clochán m, cora f.
To take such steps as shall be considered necessary, gach a meastar a bheith riachtanach a dhéanamh.
Tottering steps, coiscéim thuisleach.
He turned his steps homewards, thug sé aghaidh ar an mbaile.
Uncertain steps, coiscéimeanna corracha.
Unfaltering steps, coiscéimeanna sturrúla.
Watch your step! fainic an dtitfeá!
I had to watch my steps throughout the discussion, b'éigean dom a bheith ar m'aire i rith na díospóireachta.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht