TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
bird, s. 1 Éan m. Hen bird, cearc f. Cock bird, coileach m. Song-bird, éan ceoil. A little bird told me so, chuala mé ag dul tharam é. To give s.o. the bird, (i) an bóthar a thabhairt do dhuine; (ii) Th: etc. feadaíl f, siosarnach f, a dhéanamh le duine; feadaíl i dtóin (aisteoirí). Prov: The early bird catches the worm, is é an ceannaí moch a dhéanann an margadh. A bird in the hand is worth two in the bush, is fearr breac sa láimh ná bradán sa linn. Birds of a feather, bráithre mpl aon cheirde. S.a. KILL2 1. 2 P: Ógánach m; boc m, breac m. Who's that old bird? cén seanchróinín é sin?
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Bird's-eye view, perspective, radharc m anuas(of, ar).
Bird's-eye maple, mailp dhualach.
To go bird's-nesting, imeacht ag cuartú, ag iarraidh, ag coilleadh, nead.
Orn: Cardinal (-bird), éan cairdinéalach.
It changed into a bird, rinne éan de; rinneadh éan de.
To clip the wings of a bird, na sciatháin a bhearradh, a chiorrú, ag éan.
F: A downy bird, gleacaí m, duine beartach.
He was an early riser, an early bird, mochóir maith ab ea é.
Fine feathers make fine birds, eochair uaisle éadach.
They are birds of a feather, is mar a chéile iad.
Birds of a feather flock together, aithníonn ciaróg ciaróg eile.
The birds are feathering (out), tá cluimhreach á chur ag na héin.
A featherless bird, scalltán m.
A bird that fluffs up its feathers, éan a thógann a chleití, a chluimhreach.
He found the birds flown, ní raibh roimhe ach an easair fholamh.
To set a bird free, éan a scaoileadh amach.
Don't frighten away the birds, ná scanraigh na héin.
This bird differs from the others, tá an t-éan seo difriúil leis an gcuid eile.
Gaol-birds, scríobadh na bpríosún.
The bird got out of its cage, d'éalaigh an t-éan as an gcás.
To kill two birds with one stone, an dá chúram a dhéanamh in éineacht.
Animal, vegetable, bird, life, an t-ainmhí, an planda, an t-éan.
To lime birds, éin a cheapadh le glae glas.
Bird lore, seanchas m na n-éan.
A migratory bird, éan m imirce.
Bird of ill omen, éan mí-áidh.
Bird of paradise, éan parthais
Bird of passage, éan eachtrainn.
Birds of prey, éin chreiche.
To shoot a bird on the rise, éan a chaitheamh ag éirí dó.
The bird ruffles (up) its feathers, cuireann an t-éan colg air féin.
To scare away the birds, na héin a scanrú chun siúil.
To shoot a bird, éan a chaitheamh, a chur anuas.
Bird shot, dust shot, grán mín.
To take a (flying) shot at a bird, scaoileadh le héan (agus é ar eitleog).
To shy stones at birds, éin a chrústáil.
To shoot a bird sitting, éan luite a chaitheamh.
To throw stones at a bird, éan a chrústáil.
Bird's-foot trefoil, crobh m éin.
Unfledged bird, scalltán m.
Bird-watcher, fear m faire éan.
He's a wily old bird, cílí ceart é.
To shoot a bird on the wing, éan a chaitheamh agus é ar eitleog.
To wring a bird's neck, muineál éin a chasadh.