TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
arrive, v.i. 1 a Sroichim (áit), tagaim go dtí (áit). Who arrived upon the scene but...! cé thiocfadh i láthair ach . . .! b When he arrives at the age of sixty, nuair a bheas sé i gceann a thrí fichid bliain. 2 To arrive at a conclusion, teacht ar bharúil, ar thuairim. To arrive at a price, luach a shocrú. How did you arrive at that? cén chaoi a ndearna tú é sin amach?
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To arrive in advance of the others, teacht roimh an gcuid eile.
He arrived an hour ago, tháinig sé tá uair ó shin.
I don't think any of them have arrived, ní mheasaim gur tháinig aon duine acu.
I arrived before him, bhaineas an tosach de.
Conclusions arrived at, comhairlí ar cinneadh orthu.
He may arrive any day, thiocfadh dó teacht lá ar bith feasta.
He arrived on the dot, tháinig sé ar an bpointe.
(Expected) The train is due (to arrive) is due in, at two o'clock, tá an traein le teacht ag a dó a chlog.
He arrived five minutes too early, tháinig sé cúig nóiméad róluath.
This letter, I find, arrived yesterday, feicim gur inné a tháinig an litir seo.
The first to arrive was John, ba é Sean an chéad fhear a tháinig.
He arrived first (of them), tháinig sé ar an gcéad duine (acu); is é is túisce (acu) a tháinig.
They arrived in flocks, tháinig siad ina sluaite.
F: It took two hours for the car to arrive, bhain sé dhá uair a chloig den charr teacht.
He arrived fourth or fifth, tháinig sé ar an gceathrú nó ar an gcúigiú duine.
As ill-luck would have it, he arrived too late, de bharr ar an mí-ádh, bhí sé mall ag teacht.
The instant he arrived, (i) an nóiméad (céanna) a tháinig sé; (ii) chomh luath géar agus a tháinig sé.
She was the last to arrive, ba í ba dhéanaí a tháinig.
To arrive too late, teacht ródhéanach.
To arrive about midnight, teacht i dtrátha an mheán oíche.
The matter was urgent, he must arrive in time, b'éigean dó bheith in am, ó ba í uair na práinne í.
To arrive prompt to the minute, teacht ar bhuille na huaire.
They arrived from all quarters, tháinig siad as gach cearn.
To arrive safely, teacht slán.
The ship arrived safely, rinne an soitheach port gan tubaiste.
The train is scheduled to arrive at noon, (de réir an chláir) tá an traein le bheith istigh ar uair an mheán lae.
He should have arrived by this time, ba cheart dó bheith tagtha faoi seo; déarfá go mbeadh sé tagtha faoi seo.
I shall go and he will arrive, imeoidh mise agus tiocfaidh seisean.
He will arrive some day, tiocfadh sé lá de na laethanta seo.
It is strange that he has not arrived yet, nach iontach nár tháinig sé go fóill.
To arrive on the stroke (of time), teacht ar an spriocuair.
Thus when he arrived . . ., dá bhrí sin nuair a tháinig sé ...
He arrived here on time, bhí sé anseo ar an sprioc.
He was the first to arrive, ba é an chéad duine a tháinig.
She was waiting for me when I arrived there, bhí sí romham ann.
What goods I sent for, all arrived safely, cibé earraí ar chuir mé fios orthu, tháinig siad ar fad slán.
He will arrive on the 10th, when he will open the new school, tiocfaidh sé ar an 10ú lá, agus osclóidh sé an scoil nua.