Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: estrange · stranger · strangle · srang · srang-
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh strange »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
strange, a. 1 a Iasachta, coimhthíoch, deoranta. In a strange land, i dtír iasachta, ar an gcoigríoch. b Anaithnid, aineoil. This writing is strange to me, ní aithním an scríobh seo. Strange face, éadan strainséartha. 2 Aisteach, aduain, éagoitianta. Strange beasts, ainmhithe aisteacha. Strange to say . . ., más iontach le rá é . . . It is strange that he has not arrived yet, nach iontach nár tháinig sé go fóill. 3 I am strange to the work, tá an obair ainchleachta agam; tá mé núíosach ag an obair. He feels strange, aithníonn sé deoranta é féin. F: (Of child) To make strange, déanann coimhthíos, tá deoranta.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He has a strange accent, tá canúint f, tuin f, aisteach air.
To treat s.o. as a stranger, meas strainséara a thabhairt ar dhuine.
(i) F: He came out with a strange remark, sciorr focal aisteach uaidh; chaith sé caint aisteach.
That was a strange experience for them, bhain sin as a gcleachtadh iad.
We had a strange adventure, tharla rud aisteach dúinn.
Have you any strange news? bhfuil aon bharr nuachta agat?
He is a perfect stranger to me, níor leag mé súil riamh air.
Strange to relate! más iontach le rá é!
He is a strange sort of fellow, is aisteach an duine é.
I am a stranger here, duine thar tír isteach mé; ní de thógáil na háite seo mé.
He is quite a stranger to me, níl aithne ná eolas agam air.
You are quite a stranger, is tú an strainséir!
He is a stranger to fear, níl a fhios aige cad is eagla ann.
That's strange, is aisteach (é) sin.
Strange though it may appear, más iontach le rá é.
He is an utter stranger to me, níl aithne ná eolas agam air.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht