ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Prices are coming down, tá na luachanna ag titim.
Com. To cut prices, luachanna mpl a ísliú, a leagan.
Cut prices, luachanna íslithe.
Drop in prices, ísliú m luachanna.
Prices are cut very fine, tá na luachanna íslithe go mór.
Com: Fixed prices, luachanna socraithe.
He gambled on a rise in prices, chuaigh sé sa seans air go n-ardódh na luachanna.
Prices are hardening, tá na luachanna ag fanacht in airde.
Prices are getting higher and higher, tá na luachanna ag dul in airde i gcónaí.
(i) The prices quoted are all in, tá iomlán costais sna luachanna a luaitear.
Keen prices, luachanna scafa.
Outside prices, na luachanna is airde.
Cars at ransom prices, carranna ar luachanna as compás.
Reasonable prices, luachanna measartha.
F: Prices soared, chuaigh na luachanna sna réigiúin, as compás,
St.Exch: Unquoted shares, scaireanna gan lua ar a luachanna.