ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Smaller and smaller, níos lú agus níos lú.
Eat less meat, ith níos lú feola; ná hith an oiread sin feola.
With a few less windows the house would be warmer, bheadh an teach níos cluthaire ach beagán níos lú fuinneoga a bheith air.
I can't let you have it for less, ní féidir liom é a scaoileadh leat faoina bhun sin, ar níos lú ná sin.
Sleep less, codail níos lú; déan níos lú codlata.
If we were one less there would have been room, dá mbeimis fear níos lú (ann) bheadh slí againn.
I had less than six, bhí níos lú ná, faoi bhun, sé cinn agam; ní raibh na sé cinn agam.
It grew less and less, d'éirigh sé níos lú agus níos lú: bhí sé ag dul i laghad i gcónaí.
Still less, níos lú fós, arís.
Within a year of his death, (i) níos lú ná bliain roimh a bhás; (ii) níos lú ná bliain i ndiaidh a bháis.