Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: elf · seilf · sell · serf · shelf
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh self »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
self, 1 s. An duine m féin. Self is his god, níl de dhia aige ach é féin. His better self, an taobh is fearr dá nádúr. He is my second self, mé féin ar athbhreith é, is geall le cuid díom féin é. He is quite his old self again, tá sé chuige féin arís. He became his silent self again, ní raibh an dara focal ina dhiaidh sin as ach a oiread agus a bhí riamh. Your own dear self, tú féin, a chroí. All by his very self, leis féin féin. Com: Your good selves, sibh féin. 2 Com: Pay self, selves, íoc liom, linn, féin. 3 Self handle, lámh den ábhar céanna. Self rose, rós ar aondath. 4 (In compound pronouns) a (Emphatic) Myself, mé féin. Thyself, tú féin. Oneself, an duine féin, tú féin. Myself and my two sons, mé féin is mo bheirt mhac. b The doctor himself was here, bhí an dochtúir é féin anseo. We saw John himself, chonaiceamar Seán é féin. I myself don't believe it, ní chreidim féin é. They themselves were free, bhí a saoirse acu féin. c I am not (quite) myself to-day, níl mé istigh liom féin inniu. She is kindness itself, is í is láí beo; is í croí na féile í. d (Reflexive) I have hurt myself, ghortaigh mé mé féin. (Emphatic) Door that shuts itself, doras a dhruideann uaidh féin. e (After prep.) He was talking to himself, bhí sé ag caint leis féin. To speak of oneself, labhairt ort féin. She must attend to herself, caithfidh sí aire a thabhairt di féin. To keep oneself to oneself, comhluadar daoine a sheachaint. I am keeping it for myself, tá mé á choinneáil dom féin. I am not speaking for myself, ní ar mo shon féin atá mé ag caint. He thinks for himself, tá meabhair dá chuid féin aige. See for yourself, téigh agus féach féin. Everyone for himself, gach aon duine ar a shon féin. He came to himself, tháinig sé chuige féin. The thing in itself, an rud ann féin. It broke of itself, bhris sé uaidh féin. They did it of themselves, ar a gconlán féin a rinne siad é. She lives by herself, tá sí ina cónaí léi féin. He did it all by himself, é féin féin a rinne an t-iomlán; ina aonar glan a rinne sé an t-iomlán. f (Reciprocal) They whispered among themselves, bhí siad ag cogarnaíl eatarthu féin, le chéile.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Self-communion, machnamh m.
He is but a mere ghost of his former self, níl ann ach scáil i mbuidéal; níl a leath féin ann.
He is oozing self-conceit, tá an mórtas idir an dá shúil ann; tá sé ar maos sa mhórtas.
Book-k: Self-balancing ledger, mórleabhar féinchomhordaithe.
He is very self-centred, níl ar a intinn ach é féin.
Tex: Self-colour material, éadach ar aondath.
He is eaten up with self-conceit, tá sé lofa le móiréis.
He is full of self-confidence, is mór a mhuinín as féin.
Self-contained flat, árasán glanscartha.
To practise self-deception, dallach dubh a chur ort féin.
He did it in self-defence, á chosaint féin a bhí sé.
Self-denying person, duine a dhiúltaíonn é féin; a choinníonn lámh chrua leis féin.
The right of peoples to self-determination, ceart na bpobal ar a rialú féin.
Self-educated man, fear a bhain oideachas amach dó féin.
self-filling pen, peann féinlíontach.
Self-governing state, stát a bhfuil a rialú ar a láimh féin.
The state obtained self-government, bhain an stát amach ceart rialtais dó féin.
Self-imposed duty, dualgas a chuireann duine air féin; dualgas gan iarraidh.
Self-indulgent person, duine nach gceileann aon sásamh air féin, sácrálaí m.
He was actuated by self-interest, ag tarraingt uisce chun a mhuilinn féin a bhí sé.
Self-made man, fear a tháinig i dtreis gan cabhair ó aon duine.
To lose your self-possession, do stuaim a chailleadh.
Prov: Self-praise is no recommendation, is deas do do bhéal a mholtar é.
Self-raising flour, plúr m éiritheach.
Self-righting canoe, curach a thagann ar ais ar a chíle, a fhanann béal in airde.
The self-same man, an fear ceannann céanna.
Self-satisfied person, duine atá sásta leis féin.
Self-styled scholar, scoláire m más fíor dó féin.
He is self-taught, ní raibh de mhúinteoir aige ach é féin.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht