TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
slip1, s. 1 a Sleamhnú m, sciorradh m. b To give s.o. the slip, cor a thabhairt do dhuine. c Botún m, dearmad m, neamhaistear m. Slip of the tongue, sciorradh m focail. It was a slip of the tongue (on my part), d'imigh rith focal orm. There's many a slip between the cup and the lip, is minic a bádh long láimh le cuan, d Aut: Sciorradh m. Clutch slip, sciorradh m cráige. N.Arch: Av: Propeller slip, cúlsruth m (liáin). Geol: (Land-)slip, sciorradh talún. 2 Iall f scaoilte. 3 Rail: Slip(-portion), cóistí mpl inscoite. 4 Clúdach m (piliúir). 5 Cost: a Foghúna m. b (Bathing-)slips, bríste snámha. c Gym-slip, gúna m gleacaíochta. 6 a Fánán m, sleamhnán m (cé), b Building slip, cé f longthógála. Ship on the slips, long ar na stoic. c Launching-slip, fánán m lansála. 7 pl.Th: The slips, na cliatháin mpl.
slip2, I v.i. 1 a Sleamhnaím, sciorraim; (of knot, rope) ritheann; (of earth) madhmann. His foot slipped, shleamhnaigh a chos uaidh. It slipped through my fingers, d'imigh sé idir mo mhéara. b Éalaím, caolaím, sleamhnaím, liom. To slip into the room, éalú, caolú, isteach sa seomra. He slipped into bed, isteach sa leaba leis go fáilí. c Slip round to the shop, sciurd anonn go dtí an siopa. d The bolt slipped home, chuaigh an bolta i nglas. 2 a Déanaim mo bhotún, mo dhearmad. b Claonaim ón gceart. 3 To let slip, (cú) a ligean; (faill) a scaoileadh tharat. II v.tr. 1 a Scaoilim díom (ceangal). (Of animal) To slip its chain, é féin a scaoileadh as an slabhra. b F: Your name has slipped my memory, tá d'ainm imithe uaim. It slipped my notice, níor ghoin sé m'aire. 2 a Ven: To slip the hounds, na cúnna a ligean (den iall). b Nau: To slip a cable, cábla a scaoileadh. To slip the moorings, scaoileadh as an bhfeistiú. c Rail: To slip a carriage, cóiste a scoitheadh. d (Of animal) To slip its young, marbhshearrach (-lao, etc.) a chaitheamh, a chailleadh. 3 a Ligim, scaoilim (rud isteach i láimh duine) go fáilí. b To slip the bolt home, an bolta a chur i nglas. c To slip the clutch, ligean don chrág sciorradh.
slip3, s. 1 a Hort: Slapar m. b A slip of a girl, sliseog gearrchaile. Tall slip of a woman, slataire caol ard de bhean. Fine slip of a girl, bonsach bhreá. c Ich: Leathshól m. 2 a Leadhb f (thalún); slisneog f (páipéir). b (Proof-)slip, stiall f (de phrofa). 3 Th: Slips, cliatháin mpl (an áiléir).
slip4, v.tr. Athphlandálaim slapair.
slip5, s. Sleamhán m (criadóireachta).
slip6, s. Céis f, slip f (mhuice).
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To slip a cog, (i) (of pawl) sciorradh thar fiacail; (ii) (of the mind) dearmad a dhéanamh ar feadh ala na huaire.
cover-glass, -slip, s. Gloine chumhdaithe.
Credit slip, bileog thaisce.
Prov: There's many a slip 'twixt the cup and the lip, is minic a bádh long lámh le cuan.
Running knot, slip knot, snaidhm reatha.
To slip the painter, (i) an feistiú a scaoileadh; (ii) F: bás a fháil; stiúgadh.
Time is slipping away, tá an t-am ag imeacht, ag éalú (leis).
Slip in a new film, cuir isteach rolla nua ann.
Slip-on blouse, blús dúnta.
The secret slipped out, sceitheadh an rún.
To slip a dress over one's head, gúna a tharraingt anuas thar do cheann.
Slipped disc, teasc f sciorrtha.