ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
They want it badly, teastaíonn sé go géar uathu.
The committee needs new blood, teastaíonn daoine óga ón gcoiste.
Do you want either of these? an dteastaíonn ceachtar acu seo uait?
I do not want it; take it away from me, ní theastaíonn sé uaim; tóg uaim é.
I have three times as much as I want, tá a thrí oiread agam agus a theastaíonn uaim.
Everything necessary, gach a bhfuil ag teastáil.
He stands in urgent need of it, tá sé ag teastáil go géar uaidh.
How much of it do you want? cé mhéad de a theastaíonn uait?
Have you got all you require? an bhfuil gach rud agat dá dteastaíonn uait?
To be cut to the required length, gearrtar é san fhad a theastaíonn.
F: You want a change of scenery, tá athrú aeir ag teastáil uait.
Smart lad wanted, stócach piocúil ag teastáil.
To be in sore need of sth., rud a bheith ag teastáil, de dhíth, go géar ort.
That's the very thing, sin é díreach atá ag teastáil.
A long-felt want, rud atá le fada ag teastáil.
Have you all you want? an bhfuil gach rud agat dá dteastaíonn?
Wanted, a good cook, cócaire maith ag teastáil.
Which book do you want? cé acu leabhar a theastaíos, a theastaíonn uait?
Which do you want? cé acu a theastaíos, a theastaíonn, uait?
The one which you want, an ceann a theastaíos, a theastaíonn, uait.
Who did not want it? cé uaidh nach raibh sé ag teastáil?