Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: turn up · burn up · run-up · tune-up · turnap
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh turn-up » agus turn up »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
turn-up, s. a Filleadh m íochtair (bríste, etc.). Turn-up trousers, bríste fillte ina íochtar. b (At cards) Iompú m (máimh, etc.).
turn up, I v.tr. 1 a Ardaím, crochaim (cába mo chóta); crapaim, fillim suas (mo mhuinchillí). Turned-up nose, srón gheancach. F: He turned up his nose at it, chuir sé cor ina shrón chuige. He turned up his eyes, nocht sé gealacán na súl. Metalw: To turn up a flange on a sheet, buinne a fhilleadh ar ais ar leathán. b Cuirim an taobh dearg (den fhód) in uachtar; deargaím (ithir). The gardener turned up some human bones, thochail an garraíodóir roinnt cnámha daonna aníos. c Aimsím, tagaim ar (leagan cainte, etc.) (i bhfoclóir, etc.). 2 Ardaím (solas). II   turn up, v.i. 1 Crapann, filleann (ciumhais, etc.). 2 a The ten of diamonds turned up, tháinig an deich muileata in uachtar; hiompaíodh an deich muileata. b Tagann, tarlaíonn i láthair (gan coinne leis). He turned up at my house, casadh chun an tí chugam é gan choinne. He turned up ten minutes late, bhí sé deich nóiméad thar am nuair a shroich sé. He will turn up one of these days, tiocfaidh sé lá de na laethanta seo. Something is sure to turn up, fan le cóir agus gheobhaidh tú cóir, béarfaidh bó éigin lao éigin lá éigin.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: (Of pers.) To turn rusty, to cut up rusty, éirí stuacach, staincíneach.
He may turn up at any time, thiocfadh dó teacht am ar bith.
P: To turn up one's toes, na boinn a chur os do chionn.
F: He always turns up trumps, bíonn an t-ádh ag rith air i gcónaí.
F: He turned up the whites of his eyes, d'iompaigh an dá shúil siar ina cheann.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht