SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
bheith gléasta i (éadach, bróga, a chaitheamh); ithe, slogadh (bia, deoch, cógas, a chaitheamh); úsáid (snaois, tobac, a chaitheamh); diomailt, ídiú (ag caitheamh airgid, na haimsire); teilgean, radadh (cloch, dorú, a chaitheamh); scoitheadh, gearradh (léim a chaitheamh, cúinne a chaitheamh); druidim (ag caitheamh ó thuaidh); iallach (cé a chuirfidh an caitheamh orm?); briathar cúnta, á úsáid le briathra eile le riachtanas nó dualgas a léiriú (caithfimid a bheith sa bhaile faoin oíche; caithfear an t-airgead a fháil ar ais)
cur amú, caitheamh go rabairneach (diomailt ama, diomailt airgid)
díol, fógairt earraí le díol; craoladh, fógairt go poiblí (dán a reic); brath, sceitheadh ar (an tIúdás a reic iad); cur amú, caitheamh, diomailt (ag reic a maoine)
mí-úsáid, diomailt (bia, airgead, etc. a chur, ag dul, i vásta)