SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
aon cheann de na trí thomhas, fad, leithead agus doimhneacht
uachtar na talún agus féar air; scraith den uachtar sin (mar a bhaintear le spád); lán sleáin de mhóin; ball (ar an bhfód seo, an fód a sheasamh); doimhneacht (duine gan fód)
grinneall, tóin poill; doimhneacht uisce
tomhas doimhneachta uisce le líne ghrúntála etc., feádóireacht
tástáil doimhneachta uisce le slat etc.; póirseáil
ábhar; nádúr (d'aon substaint leis an Athair); scamhard, doimhneacht, tathag (bia a bhfuil substaint ann; caint gan substaint); maoin shaolta, saibhreas
gan a bheith ramhar nó tiubh (páipéar, clár, tanaí); caol (méara tanaí); lom (duine tanaí; aghaidh thanaí); gan tathag (éadach tanaí; is tanaí an scéal é); uisciúil (bainne tanaí); gan doimhneacht (uisce tanaí)