TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
imeacht fir3 áit a fhágáil (d'imigh sé abhaile); éileamh (bhí an-imeacht ar eallach ann); cúrsa, trácht, gabháil thart (le himeacht aimsire, in imeacht míosa); siúl, ráta siúil (iad araon ar aon imeacht le chéile); géata, iompar (capall agus imeacht breá faoi) ► imeacht ar tarlú do (cad d'imigh ar an airgead?); (iol ) cúrsaí, tarluithe (imeachtaí an lae, tús a chur ar na himeachtaí)