SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
lámh stiúrtha (rothair, céachta etc.); lámh chrochta (buicéid, sáspain etc.); géag nó cos fhada
spúnóg mhór dhomhain agus lámh fhada uirthi chun leachtanna a thógáil, scaob; lámh, ladhar; spóc, spéic
uirlis ghairdín nó feirme a bhfuil lámh fhada uirthi agus fiacla trasna amuigh ann chun duilleoga nó féar a bhailiú nó chun cré a réiteach
an t-achar idir barr ordóige agus lúidin fir agus iad scartha ar fad ó chéile, naoi n-orlaí; raon láimhe, feá; leithead; fad searrtha
fad nó teannadh a bhaint as rud (sreang a shíneadh); searradh (do ghéaga a shíneadh); luí ar d'fhad (sín siar ansin); luí le nó cois (sínte le mo thaobh); éirí fada (tá an lá ag síneadh); cur amach (sín amach do lámh); leagan; pointeáil (shín sé a mhéar chuige); brú chun cinn (síneadh chun reatha)
lann fhada chuartha feistithe ar chrann chun féar a ghearradh le saothar láimhe