Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
an tréimhse ó éirí gréine go luí gréine; solas an lae (fanfaimid go lá); an tréimhse ó mheán oíche go meán oíche arís (seacht lá na seachtaine); lá, dáta, áirithe (lá aonaigh, lá pá, an chéad lá den mhí); lá féile (Lá Nollag, Lá Bealtaine); bua an lae (tá an lá leat); ré saoil (bhí sé go maith ina lá); aimsir reatha (sa lá atá inniu ann); tréimhse (is fada an lá ó chonaic mé é); (ón lá seo amach; an lá is fearr a bhí sé); uair, am (lá éigin, lá dá raibh); pioc (níl lá iomrá aige air)
claonadh, luí, fabhar (tá lé aige liom, bhí lé leat); luí, raon, radharc (faoi lé na gréine, na gaoithe)
síneadh siar; dul chun leapa (dul a luí); dul faoi (luí gréine, gealaí); brú (tá an bhróg ag luí orm); cromadh ar rud nó tabhairt faoi (luigh sé isteach ar an obair, luigh sé leis an ól); leagan (luí na tíre); meáchan (faoi luí na bhfód; chuir sé ina luí air é)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht