Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
maide fir4 píosa adhmaid is féidir a úsáid mar bhata nó mar thaca nó mar phost; adhmad (cos mhaide, céachta maide) maide corrach clár fada a bhfuil taca faoina lár agus a dtig le beirt pháistí suí ar gach ceann de agus a bheith síos suas leis ar a seal maide croise bata croise, croisín maide luascáin maide crochta ar dhá rópa le bheith ag luascadh agus ag gleacaíocht air maide lústair troitheán tuirne maide mullaigh bíoma leagtha ó bhinn go binn i mullach dín maide rámha maide fada agus bos air chun bád a iomramh maide stiúrach maide greamaithe de stiúir báid lena hoibriú maide taca maide láidir a chuirtear mar chosaint le balla nó cruach nó rud ar bith mar sin atá i mbaol titim maidí tógála maidí a chuirtear mar thaca le bád nó long nuair a bhítear á déanamh
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
árthach a thugann daoine nó earraí thar uisce agus a thiomáintear le maidí rámha nó le seol nó le hinneall
lámh oscailte; lán láimhe (bos uisce); boiseog (bos sa leiceann); páirt leata de rud (bos camáin, bos maide rámha)
maide rámha gearr agus bos leathan air
dola, pionna maide rámha
pionna maide rámha, cnoga
bád a thiomáint le maidí rámha
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht