SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
gob, pointe (barr méire, barr pinn); an pointe is airde, mullach (barr crainn, barr cnoic); an pháirt uachtarach (barr tí, barr leathanaigh); uachtar (ar bharr talún, ar bharr an uisce); rud a fhásann ar bharr talún (barr coirce, barr prátaí); toradh (de bharr mo shaothair); breis (barr ar mhíle); bua (barr a bhreith ar dhuine); deireadh (tá mé i mbarr mo chéille acu)
píosa caol friochta de phráta
fáscadh nó luí ar rud (cnaipe a bhrú; brúigh síos sa mhála é); sá romhat nó uait (brúigh isteach an doras); plód (brú mór daoine); mionú le meáchan nó le buillí (prátaí a bhrú); tathant (ag brú dí ar dhuine); srianadh (brúigh fút an fhearg)
rud maith mór dá chineál; rud mór garbh (cnapán cloiche, práta, uibhe)
bailiú, teacht nó tabhairt le chéile; slua daoine (labhairt le cruinniú); teacht chun cinn (cabáiste, prátaí, ag cruinniú)
ábhar lofa; poll i gcroí práta
éagothrom, cnapánach (talamh, éadach, garbh); gan a bheith mín nó séimh nó binn (aimsir, teanga, gharbh); mór (fear, práta, garbh); neamhchruinn (obair gharbh, cuntas garbh)
cos planda; barr práta etc.; triopall; strapaire fir
plandaí ar nós cabáiste, prátaí, oinniúin, pónairí, tornapaí etc., a shaothraítear mar bhia
tobann, gan choinne (gníomh grod); luath (prátaí groda)
áis chodlata (tocht, éadach leapa agus piliúr, de ghnáth); pluais ainmhí (leaba dhearg); beart (loinge); iomaire (leaba phrátaí); áit, ionad (i leaba ruda); láthair (leaba ancaire, leaba chloiche, leaba an duáin)
ar leith leis féin (cuir cúpla práta i leataobh dó)
úr, a tháinig ann le déanaí (prátaí nua, scéal nua); nach bhfacthas nó nárbh eolach roimhe sin (múinteoir nua); nár úsáideadh nó nár caitheadh cheana
cloch, práta etc. atá cruinn beag
oscailt i rud nó tríd; spás folamh (poll eochrach, poll sróine; rud a chur i bpoll); cúil, carn (poll prátaí, gairbhéil, móna); log, linn (poll uisce, poll snámha); farraige (dul go tóin poill); pluais (poll róin, poll coinín); áit ghránna (poll dubh; cé a mhairfeadh sa pholl sin?)
síol (pór féir, prátaí); síolrach, sliocht (pór caorach, pór daoine); fás úr (pór breá féir)
sceall tanaí; (iol ) prátaí gearrtha ina sceallaí fada agus bruite ar ola
substaint bhán cosúil le plúr a fhaightear i bprátaí, i min bhuí etc.; ullmhóid de seo a úsáidtear chun éadaí a stalcadh le linn iarnála
císte déanta le prátaí amha scríobtha
bun ramhar leathchruinn faoi thalamh a bhíonn ar phlandaí áirithe (ar nós an phráta)
piocadh, tógáil mar rogha (foireann a thoghadh; prátaí a thoghadh); ceapadh trí thoghchán (toghadh ina uachtarán é)