Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: síleadh · scileadh · Sileach · silleadh · simleadh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é sileadh de: sil »
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
sileadh fir1 (le huisce etc.) titim ina bhraonta; (le hallas etc.) cur (sileadh súl, fola); draenáil (talamh a shileadh); crochadh (a gruaig ag sileadh léi); filleadh (tá an mhallacht ag sileadh air); lagú (silte ag an ocras; an dream bocht silte); braon, ábhar (sileadh i gcneá)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
spíce oighir ar sileadh ó dhíon
sileadh as súile le linn codlata
sileadh deor, gol; maoithneachas
ag sileadh deor, lán de dheora
leacht a ligean amach as árthach nó a ligean isteach in árthach eile; sileadh (ag doirteadh deor, fearthainne); ligean do leacht sceitheadh nó titim; caitheamh (dhoirt sé a neart)
cur (fáilte a fhearadh, cogadh a fhearadh); doirteadh, sileadh (ag fearadh na ndeor); cur isteach (bhí an deoch ag fearadh air); scaoileadh gairr as an gcorp
crann beag agus milleanna dearg agus corcra ar sileadh leis
rud a bhíonn ar sileadh nó ar crochadh le rud eile, mar a bhíonn an píosa éadaigh ar bhéal póca
aon rud bog atá ar sileadh; rud ar sleabhac; ceirt nó balcais; pus goil
ar sileadh nó ar crochadh gan anam
madra cosanta mór téagartha agus na cluasa ar sileadh leis; duine garbh gan mhúineadh
sileadh na sróine, smuga
seile, ronna, sileadh béil
seile ina sileadh ón mbéal, ronna
baint an chrotail de ghráinne nó de shíolta; oscailt sliogán éisc; sileadh, caitheamh (coirce ag scileadh); scealpadh (clocha ag scileadh); sceitheadh (rún a scileadh); stealladh (ag scileadh éithigh)
bláth; scoth bheag; triopall beag snátha snaidhmthe ag a bharr agus é ar sileadh le ciumhais éadaigh nó scáthlán lampa etc.
sileadh nó braon beag; siogairlín
ag sileadh, tugtha don sileadh (súile silteacha; samhradh silteach); (le duine) caifeach, rabairneach
go dtí áit níos ísle (dul síos an staighre, síos chun na trá); ar crochadh nó ar sileadh (bhí a gruaig síos léi); ó thuaidh (síos go Cúige Uladh)
géag crainn ar sileadh; aon rud atá ar sileadh nó scaoilte
sileadh sróine nó coinnle; seile ramhar
sileadh, doirteadh (sní fearthainne; fuil ag sní as créacht); rith (abhainn ag sní chun na farraige); síothlú; snámh, sleamhnú (seilide ag sní roimhe)
gadhar gunna a bhfuil fionnadh mín gléasta air agus cluasa móra ar sileadh leis
círín nó cuircín éin; píosa craicinn ar sileadh le hainmhí; athsmig; faithne; rinn, spor (carraige)
cineál de chrann giúise agus a bhuaircíní ar sileadh leis
aer nó uisce nó leictreachas ag rith; taoide; tuile; sileadh (sruth bainne, deor, fola)
tabhairt bainne (bó ag tál ar lao); an méid bainne a thagann (tál breá bainne); sileadh (ag tál na ndeor)
sruth, rith, sileadh (taoisc fola, bháistí)
caitheamh (teilg uait é; cloch, sleá, a theilgean); sileadh (deora, fuil, a theilgean); ceapadh i múnla, múnlú (ór teilgthe, coinneal a theilgean); fliuchadh (aol a theilgean)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht