TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
istigh dob gan a bheith amuigh (tá na ba istigh); tar éis teacht (tá an bád, an traein, istigh); i gcumhacht nó in oifig (tá rialtas nua istigh); is faide isteach (éadach istigh, an seomra istigh); tar éis teacht nó dul isteach, faoi bhallaí, faoi chlúid; cairdiúil, sásta (bheith istigh leis an sagart; istigh leat féin); críochnaithe (tá bliain eile istigh) ► taobh istigh de faoi cheann, laistigh de
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
áit siúlóide faoi dhíon taobh istigh de mhainistir etc.
an spás taobh istigh de dhoras tosaigh tí; an príomhsheomra i bpálás nó i dteach mór; seomra mór a úsáidtear ar ócáidí speisialta (halla rince); teach mór poiblí (halla baile, cathrach)
taobh istigh; faoi cheann (laistigh de mhí)
cluiche cearrbhachais ina mbíonn liathróid bheag ag casadh taobh istigh de roth a bhíonn ag casadh ina coinne
an leath tosaigh den mhuineál faoi bhun na smige; an taobh istigh de seo mar a bhfuil an píobán agus an craos; scrogall, sceadamán
cliathán amháin de rud (taobh bosca, carraige; ó thaobh go taobh an tí); ciumhais, bruach (le taobh na habhann, ar thaobh an bhóthair); páirt, cuid (an taobh istigh, amuigh); cliathán, slios (mo thaobh deas, sínte ar mo thaobh); treo (an taobh theas, taobh na láimhe deise); ceantar (taobh tíre); foireann, dream, cúis (an taobh a chaill an báire); sliocht (lean sé taobh a athar); muinín, iontaoibh (ná tabhair taobh le mionnaí móra)