TORTHAÍ
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
ceansaigh, v.t. Appease, pacify; tame, control. Páistí a cheansú, to quiet, control, children. Fearg a cheansú, to appease anger. Capall a cheansú, to tame, curb, a horse. An cholainn a cheansú, to restrain the body, the flesh. Ag teacht eatarthu agus á gceansú, separating and pacifying them. Cheansaigh an obair, an saol, é, work, life, tamed him, calmed him down. Do chroí a cheansú, to put one’s heart at rest. Go gceansaí Dia sinn, God direct us, give us peace.
ABAIRTÍ
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
Bean bhorb a cheansú, to tame a headstrong woman.
Rinne sé an capall a cheansú, he controlled the horse.
~ ar dhuine a cheansú, an attempt to pacify s.o.
Capall a mhíniú agus a cheansú, to quieten and control a horse.
An ~ a cheansú, to tame the proud.