ABAIRTÍ
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
Tá an duine bocht ag dul as i gcónaí, the poor fellow is fading away.
Tá an dath ag ceiliúradh, the colour is fading.
Tá sí ag dul ó chrích, her prospects of marriage are fading.
Tá an lá ag diúltú dá sholas, the daylight is fading.
Tá sé á ghoid as, he is slowly fading away.
Bheith ag imeacht as, to be fading away, failing, dying.
3. Ag leá den saol, fading away to nothing.
Solas ag ~, light fading.
Tá sé ag imeacht den ~, he is fading away.
Éadach ag ~ean, cloth fading.
Tá an t-éadach ag ~ean, the cloth is fading.
~ datha, blátha, fading of colour, of bloom.