EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
glass, s. 1 Gloine f. Pane of glass, pána gloine. Wired glass, gloine shreangaithe. Frosted glass, ground glass, gloine shioctha. Ribbed glass, gloine rocach. Window glass, shut glass, gloine leatháin. Optical glass, gloine spéaclaí. Cut glass, gloine shnoite. Stained glass, coloured glass, gloine dhaite. Spun glass, snáithe gloine. Aut: Safety-glass, gloine shábhála. 2 a (Drinking-) glass, gloine (chun óil). Wine glass, fíonghloine f. Glass of wine, gloine fhíona. He had a glass too many, d'ól sé gloine thar an gceart; bhí braon faoin tsúil aige. He's festive when he's had a glass, bíonn meidhir air nuair a bhíonn braon istigh aige. b Coll: Table glass, gloiní boird. Oven glass, oigheannghloine f. Hollow glass, gréithe fpl, soithí mpl, gloine. 3 Gloine f (fuinneoige, gluaisteáin, etc.). 4 a Lionsa m (teileascóip, etc.). b Magnifying glass, gloine mhéadaithe. 5 (Looking-) glass, scáthán m. 6 pl. Glasses, spéaclaí mpl, gloiní súl. To wear glasses, spéaclaí a chaitheamh. 7 Déshúiligh mpl, gloiní fpl (fadradhairce). 8 (Weather-) glass, baraiméadar m. The glass is falling, tá ísliú sa bharaiméadar. 9 Hort: Grown under glass, d'fhás faoi ghloine. 10 Musical glasses, gloiní ceoil. 11 Attrib. (Buidéal, doras) gloine. Prov: People who live in glass houses should not throw stones, (i) achasán na hóinsí don amaid; (ii) cibé atá saor caitheadh sé cloch.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
She was admiring herself in the glass, bhí sí ag breathnú uirthi féin sa scáthán agus aoibhneas uirthi léi féin.
Another glass of wine, gloine eile fíona.
Armour-plate glass, gloine armúrtha.
He is not averse to a glass of beer, ní bheadh doicheall ar bith roimh ghloine leanna air.
To blow glass, gloine a shéideadh.
To fill s.o.'s glass to the brim, gloine duine a líonadh go béal.
Glass cabinet, caibinéad m gloine.
cover-glass, -slip, s. Gloine chumhdaithe.
Crystal(-glass), criostal m gloine chriostail.
Cut glass, gloine shnoite.
(Pair of) Eye-glasses, spéaclaí sróine.
To fill s.o.'s glass (to the brim), gloine duine a líonadh (go béal).
Frosted glass, gloine shioctha.
To keep sth. in a glass-case, (i) rud a chur i dtaisce faoi ghloine; (ii) F: gan an ghaoth féin a ligean chun ruda.
Glass-lined tank, dabhach ghloinelíneáilte.
Glass-works, ceárta gloine.
High-power glasses, gloiní láidre.
To knock the glass off the table, an ghloine a leagan den bhord.
Glass of milk laced with brandy, gloine bhainne agus branda air.
F: A glass of punch or something in that line, braon puins nó a leithéid.
Magnifying glass, gloine m formhéadaithe.
A glass of wine? -- I don't mind, gloine fhíona? -- ní miste liom.
To mix a glass of punch, gloine phuins a dhéanamh.
Muslin glass, gloine mhuislín.
O for a glass of water! nach mairg gan deoch uisce agam!
I wouldn't object to a glass of wine, ní dhiúltóinn gloine fhíona.
Glassm: Opal glass, gloine ópalach.
To drink out of a glass, ól as gloine.
An overflowing glass, gloine lán go béal.
Glass partition, spiara m gloine. bRann f (de sheomra).
He poured me out another glass, chuir sé gloine eile amach dom.
To put one's lips to the glass, do bhéal a leagan ar an ngloine.
To raise one's glass to one's lips, do ghloine a chur le do bhéal.
I refilled his glass, líonas a ghloine arís.
Glass roofing, díon gloine.
Glasses round! gloine do gach duine!
To set one's glass on the table, do ghloine a fhágáil síos ar an mbord.
Smooth as glass, chomh sleamhain le gloine; chomh mín le síoda.
Glass of spirits and water, gloine bhiotáille agus uisce.
Splinter-proof glass, gloine dhophléasctha.
Stained glass, gloine dhaite.
Packet superscribed 'Glass with care', beart a mbeadh ‘aire don ghloine' scríofa air.
A glass of beer wouldn't be unacceptable, ní chuirfí suas de ghloine bheorach.
F: He washed down his dinner with a glass of beer, i ndiaidh a dhinnéir chaith sé gloine bheorach siar.
White glass, gloine gheal.