PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To be about to do something, bheith ar tí rud a dhéanamh.
F: Just agoing to begin, go díreach ar tí tosú.
F: He turned the house into a bear-garden, chuir sé íochtar an tí ar uachtar; rinne sé cíor thuathail den teach.
I beat him down to five shillings, thug mé air teacht anuas go dtí cúig scillingí.
He felt it bitterly, ghéill sé go dtí an croí air.
She was on the brink of tears, bhí sí ar tí goil.
To do for s.o., bheith ag coimeád tí do dhuine, friothálamh ar dhuine.
I thought he was going to eat me, shíleas go raibh sé ar tí mé a fheannadh.
He was all eyes, bhí na súile ar tí preabadh as a cheann ag faire.
To go to a place, dul go dtí, triail ar, áit.
To go house-hunting, dul a chuardach, ar lorg, tí.
I am inundated with letters, tá litreacha go dtí na súile orm.
F: (Of books, etc.) To lie kicking about the house, bheith caite ar fud an tí.
(Just) as he was leaving, on leaving, agus é ar tí imeacht
He looks like going, tá cuma air go bhfuil sé ar tí imeacht.
The house lost in value, d'ísligh ar luach an tí.
Any house is better than none at all, is fearr aon saghas tí ná bheith gan teach ar bith.
To be on the point of doing sth., a bheith ar tí rud a dhéanamh.
To potter about the house, bheith ag fálróid ar fud an tí.
Ready to burst, ar tí pléasctha.
To show s.o. round, duine a thabhairt ar fud na háite, an tí.
To have the (free) run of the house, cead do choise a bheith agat ar fud an tí.
To be about to sail, bheith ar tí imeachta (chun farraige).
To scale a house, plean tí a dhéanamh ar scála.
To shingle a roof, slinnte fpl adhmaid a chur ar cheann tí.
He was all smiles, bhí aoibh go dtí na cluasa air.
The avenue sweeps up to the front door, tá timpeall fairsing ar an aibhinne suas go dtí an doras tosaigh.
Abs.To tee up, an liathróid a chur ar an tí.
To the utmost, ends of the earth, go dtí an chearn is faide uainn ar an domhan.
Her face was wreathed in smiles, bhí aoibh uirthi go dtí an dá chluais.
As yet, nothing has been done, ní dhearnadh rud ar bith go dtí seo, go fóill, fós.