DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
cosán fairsing idir chrainn isteach go dtí teach mór; sráid fhairsing agus crainn ar an dá thaobh di go minic
pláta miotail a bhfuil ainm duine air (ar dhoras tí nó seomra de ghnáth)
léibheann in airde ar éadan tí le suí amuigh air; urlár suíochán in airde staighre i bpictiúrlann nó in amharclann
struchtúr cloch nó brící nó ábhair eile ar nós éadan tí nó taobh seomra nó fál thart ar gharraí
ceangal docht, oibleagáid; gealltanas scríofa ar iasacht airgid a aisíoc mar aon le hús; airgead le príosúnach a shaoradh go sealadach go dtí go gcuirtear triail air
gob, pointe (barr méire, barr pinn); an pointe is airde, mullach (barr crainn, barr cnoic); an pháirt uachtarach (barr tí, barr leathanaigh); uachtar (ar bharr talún, ar bharr an uisce); rud a fhásann ar bharr talún (barr coirce, barr prátaí); toradh (de bharr mo shaothair); breis (barr ar mhíle); bua (barr a bhreith ar dhuine); deireadh (tá mé i mbarr mo chéille acu)
planda gairdín nó tí gloine a mbíonn bláthanna bándearga agus duilleoga gleoite air
bean a bhfuil cúram tí uirthi
barr géar cnoic nó sléibhe; balla cinn tí a bhfuil barr triantánach air; aill; cúinne; ciumhais, imeall; tosach sciorta
bean nuaphósta nó bean atá ar tí pósadh
go, go dtí, i dtreo (dul chuig, chun, duine); maidir le, i dtaobh, i leith (go maith chuig Laidin, chun Laidine); le haghaidh (réidh chun bainte; cad chuige é sin?); oiriúnach i gcomhair (má bhíonn an lá chun féir); i mbun (cliste chun oibre); ar tí (bhí mé chun é a rá léi)
cloch ar thaobh bóthair a thugann an t-achar ina mhílte go dtí áit
ar aghaidh, os comhair (os coinne an tí amach)
solad atá ciorclach as a bhun agus a thagann go dtí pointe ag a bharr; aon rud ar dhéanamh cóin
gaireacht (bheith i gcóngar áite); comharsanacht (ar na cóngair); aicearra (an cóngar abhaile); gontacht (cainte); fearas úsáideach, áis (cóngair tí, oibre)
péint chrua shnasta a chuirtear lasmuigh ar earraí crua tí, cócaireáin, cuisneoirí etc.; dromchla fiacla
gairm ar dhuine chun do thí, chun cruinnithe etc. (tháinig sé gan chuireadh gan iarraidh)
an taobh thiar de rud (cúl do chinn, cúl an tí); droim (cúl a thabhairt do rud; thug sé cúl lena mhuintir); deireadh (cúl an ghluaisteáin; an féar cúil); siar, taobh thiar (dul ar gcúl; clog a chur ar gcúl; marcaíocht ar cúla); taca, taisce (cúl airgid; cúl taca; an dream atá ar a chúl); iargúltacht (coillte cúil); folt gruaige; (le cluichí) (i) cosantóir (ii) báire
aire, freagracht (cúram tí, cúraimí stáit); clann, teaghlach (lánúin gan chúram); dualgas, diúité (ag freastal ar mo chúram féin); gá (níl aon chúram agam de)
cosaint, fothain (dul faoi dhíon); clúdach (díon a chur ar chruach); ceann tí (díon tuí, slinne)
péire ciúbanna beaga, agus ó 1 go dtí 6 spota ar gach taobh díobh, a úsáidtear i gcluichí cearrbhachais
chuig, go, go dtí (ag dul don Spáinn); chun cóngaracht nó gaol a léiriú (gar don áit, is mac dom é); ar láimh, i leith (tabhair, taispeáin, dó é; bheith dílis, go maith, do dhuine); le briathra géillte (d'umhlaigh sé, bheannaigh sé, dó; ná géill dó); gan bhriathar (bia don ocrach, Nollaig faoi mhaise daoibh); le haidiachtaí (is breá duit é; b'fhíor dó é; is cuma duit); gan an chopail (duitse é seo); le linn (ag teacht abhaile dom; sa chomhrá dúinn) do + a4 , a5 = dá2 ,3 ; do + an = don; do + ar = dar3 ; do + ár2 = dár1 ; do + ar3 = dár2
aire, coimhéad (faire na hoíche); breathnú, féachaint; bheith ag súil le rud (ag faire ar bhus); bheith ar tí nó i riocht rud a dhéanamh (ag faire ar thitim); tórramh
sleá bheag; ceann de na hingne géara ar chrúb éin nó ainmhí; líne sholais (gá gréine); líne ó lár ciorcail go dtí an imlíne; duán báid
planda gairdín nó tí a mbíonn bláthanna dearga nó bándearga nó geala go fras air
déileálaí i soláthairtí tí, earraí ar nós tae, siúcra, im, uibheacha, púdair ghlantóireachta etc.
an spás taobh istigh de dhoras tosaigh tí; an príomhsheomra i bpálás nó i dteach mór; seomra mór a úsáidtear ar ócáidí speisialta (halla rince); teach mór poiblí (halla baile, cathrach)
socrú, ord, eagar; troscán (inneall tí); gléas (inneall a chur ort féin); ord ceart (in ord agus in inneall); gaiste (inneall a chur); meaisín, gléas cumhachta nó tiomána (Inneall a thiomáineann gluaisteáin, traenacha agus eitleáin)
ball éadaigh mar a bheadh blús is beilt air a théann síos go dtí na glúine; ainm ar bhaill éadaigh éagsúla
ligean tí, siopa etc., ar cíos ar feadh roinnt blianta (talamh ar léas); téarma (tá a léas caite)
i dtreo (i leith na láimhe deise); i bhfabhar (i mo leith nó i m'éadan); thar ceann, ar son (paidir i leith na marbh); i muinín (dul i leith Dé); in aghaidh, i gcoinne (chuir sé bréag i mo leith); anseo, abhus, go dtí seo (tar i leith anseo; ó shin i leith)
ceann de na snáithíní go léir sa chorp a thugann mothúcháin (teas, fuacht, pian, mar shampla) ó gach cuid den chorp go dtí an inchinn agus a iompraíonn teachtaireachtaí ar ais a chuireann gníomh i bhfeidhm
ar tí, ar intinn (bhí sé ar shéala imeacht)
go dtí an aird thiar (siar go Gaillimh); i leith an chúil (druid siar ón tine; lig sé siar a chluasa; chuaigh sé siar ar a fhocal); i leith an droma (luí, suí, siar); isteach, síos (ól siar é, níos faide siar sa pholl); go dtí am níos luaithe (clog a chur siar; i bhfad siar); iargúlta (baile i bhfad siar); ar athlá (cuireadh siar an cruinniú); gearr (tá na ba siar sa bhainne)
go dtí áit níos ísle (dul síos an staighre, síos chun na trá); ar crochadh nó ar sileadh (bhí a gruaig síos léi); ó thuaidh (síos go Cúige Uladh)
bróg bhog chompordach a chaitear ar fud an tí
eallach; maoin, saibhreas; aon mhaoin a thugann bean léi go dtí a fear ar iad a phósadh
coinneáil ar tí fiuchadh nó ag fiuchadh ar éigean
go dtí áit nó céim níos airde (dul suas ar stáitse; suas an staighre, an sliabh); ar leibhéal níos airde (dhá urlár suas); ardaithe, éirithe (tá na costais suas); in airde (seas, éirigh, suigh suas; tá an ghealach suas); ar bun, cearr (tá rud éigin suas); beo (an t-aos óg atá suas anois); go hiomlán (glan suas an teach)
cliathán amháin de rud (taobh bosca, carraige; ó thaobh go taobh an tí); ciumhais, bruach (le taobh na habhann, ar thaobh an bhóthair); páirt, cuid (an taobh istigh, amuigh); cliathán, slios (mo thaobh deas, sínte ar mo thaobh); treo (an taobh theas, taobh na láimhe deise); ceantar (taobh tíre); foireann, dream, cúis (an taobh a chaill an báire); sliocht (lean sé taobh a athar); muinín, iontaoibh (ná tabhair taobh le mionnaí móra)
cearchaill adhmaid a ritheann ar fhad an tí faoina dhíon; staf tacaíochta
córas chun teachtaireachtaí a chur go dtí áit i bhfad ó bhaile le cúnamh sreang agus leictreachais, nó ar an raidió
páipéar marcáilte a údaraíonn do dhuine taisteal ar bhus, ar thraein, ar eitleán etc., nó a thugann cead isteach dó go dtí áit siamsa etc.
(tá sé timpeall an tí; timpeall fiche bliain ó shin); mar gheall ar (eolach timpeall ar chapaill)
an rud a bheireann éan nó feithid agus blaosc thanaí air (Is ann a mhaireann an rud óg go dtí go dtugann an mháthair gor dó)