Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: become · beam · becalm · becalmed · because
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
became could be a grammatical form of: become »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
became. See BECOME.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He became alarmed, tháinig scaoll air; scanraigh sé.
They became alienated, thug siad cúl dá chéile.
They became allies, chuaigh siad d'aontaobh.
He became anaemic, d'imigh an fhuil as.
The bone became anchylosed, tháthaigh an chnámh.
It soon became apparent that . . ., ba ghearr gurbh fhollasach go . . .; ba ghearr gur léir go ...
I became aware of a smell of burning, mhothaigh mé boladh dóite.
He became a king, a priest, rinneadh rí, sagart, de.
It became an eel, rinneadh, rinne eascann de, rinne sé eascann.
He became ill, afraid, d'éirigh sé tinn, faiteach; bhuail tinneas, faitíos, é; tháinig tinneas, faitíos, air.
He became worse, better, chuaigh sé chun donachta, chun feabhais.
He became a Catholic, d'iompaigh sé ina Chaitliceach.
He became a soldier, chuaigh sé sna saighdiúirí.
He became known, fuarthas aithne air.
It became bent, lúb sé.
He became bent (with age), chrom sé (leis an aois).
His illness became chronic, chuaigh an tinneas in ainseal air.
He became conscious, tháinig mothú, meabhair, aithne, ann.
This street became deserted, bhánaigh an tsráid.
He became discouraged, tháinig domheanma air.
They became engaged, thug siad lámh is focal dá chéile.
He became entangled in the smuggling business, tarraingíodh isteach sa smuigléireacht é.
It became fixed in my memory, chuaigh sé i bhfostú i mo chuimhne.
She became hysterical, tháinig líonrith uirthi.
He identified himself, became identified, with the party, thug sé le taispeáint go raibh dlúthbhaint aige leis an bpáirtí.
He became insane, chuaigh sé as a chiall, as a mheabhair.
He became insolvent, chuaigh sé thar a acmhainn, i bhfiacha.
He became intoxicated with the praise which he received, chuaigh an moladh a fuair sé ina cheann dó.
(Of news) When it became known to me, nuair a fuair mé eolas air.
(Of author) When he became known, nuair a tháinig clú air.
He became livid with anger, dhubhaigh agus ghormaigh air le teann feirge.
He became mad with me, tháinig racht feirge air liom.
These states became merged in the empire, rinneadh cuid den impireacht de na stáit seo.
He became possessed with this idea, dhaingnigh an smaoineamh seo ina cheann.
He became sad, tháinig gruaim air.
He became his silent self again, ní raibh an dara focal ina dhiaidh sin as ach a oiread agus a bhí riamh.
He became sensible of a dull noise, de réir a chéile d'airigh sé glór balbh.
He became silent, thost sé.
So it was that he became a soldier, is ar an gcaoi sin a rinneadh saighdiúir de.
He became tongue-tied, níor fhan focal ann, sheas an focal ina bhéal.
He became violent, d'éirigh sé garbh.
She became weak, tháinig lagar uirthi.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News