EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
brow, s. 1 Mala f. He puckered his brows, chuir sé roic ina mhalaí, tháinig muc ar gach mala aige. S.a. KNIT 1. 2 (Forehead) Éadan m. 3 Grua f (cnoic); bruach m (faille).
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He affects the high-brow, cuireann sé i gcéill gur duine intleachtach atá ann.
Brow beaded with perspiration, éadan faoi dhrúchtíní allais.
Beetle brows, (i) malaí púiceacha, malaí aitinn; (ii) malaí gruama.
His brow cleared, d'imigh an ghruaim dá mhalaí.
His brow clouded (over), tháinig gruaim, néal, air.
Beads of sweat formed on his brow, chruthaigh braonta allais ar chlár a éadain.
Brow haloed with glory, éadan a bhfuil loinnir na glóire air.
He knit his brows, chrap sé, chruinnigh sé, a mhalaí.
F: He mopped his brow, chuimil sé an t-allas dá éadan.
Eyes overhung with beetling brows, súile folaithe ag malaí aitinn.
By the sweat of his brow, le hallas a mhalaí.