Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: coiner · corer · corker · cornea · corned
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for corner »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
corner1, s. 1 Coirnéal m, binn f (tí, éadaigh). To rub the corners off s.o., duine a thabhairt chun míne. 2 Cúinne m, clúid f (i seomra); deireadh m (na súile); cóngar m (an bhéil). A look out of the corner of one’s eye, dearcadh fiar, claon. To put a child in the corner, leanbh a chur ina sheasamh sa chúinne (mar phionós). To drive s.o. into a corner, duine a chur i dteannta, i sáinn. Corner seat, suíochán an chúinne. A retired corner of the country, cearn f iargúlta den tír. Fb: Corner(-kick), cúinneach m. 3 a Coirnéal m, cúinne m (sráide). The corner house, teach an choirnéil. You will find the grocer’s around the corner, tá an grósaeir romhat ach a gcasfaidh tú an coirnéal. F: He has turned the corner, tá leis anois; tá an t-aothú curtha thairis aige. b Casadh m, cor m (sa bhóthar). He disappeared round the corner, chaith sé an coirnéal agus d'imigh as amharc. Aut: Blind corner, coirnéal m caoch. To take a corner, coirnéal a chaitheamh. 4 Com: Monaplacht f. To make a corner in wheat, monaplacht a fháil ar an gcruithneacht.
corner2, v.tr. 1 a Sáinním, teanntaím. b F: Cuirim (duine) faoi luí na bíse. 2 Faighim monaplacht ar (mhargadh). 3 Abs. Aut: Casaim coirnéal. To corner sharply, coirnéal a chasadh go géar.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Awkward corner, coirnéal deacair.
Civ.E: To bank a road (at a corner), leathchaitheamh a thabhairt do bhóthar.
To bundle sth. into a corner, rud a charnadh isteach, a shacadh isteach, i gclúid.
Sharp-cornered, géarchoirnéalach.
Three-cornered, triantánach.
Three-cornered hat, hata trí bheann.
Aut: etc: To cut a corner (close), coirnéal a chasadh go géar.
To fence off one corner of a field, cúinne de pháirc a dhealú ón gcuid eile le claí.
Three-cornered file, triangular file, líomhán triantánach.
Scattered to the four corners of the earth, scaipthe sna ceithre hairde.
Huddled (up) in a corner, cuachta, gróigthe, istigh i gcoirnéal.
F: To hug the chimney-corner, bheith cuachta sa chlúid.
Corner kick, cic cúinne.
To manoeuvre s.o. into a corner, duine a locadh i gcoirnéal.
Nasty corner, coirnéal contúirteach.
Nooks and corners, poill agus prochóga.
Aut: Open corner, coirnéal oscailte.
He poked his head around the corner, sháigh sé a chloigeann timpeall an choirnéil.
To poke rubbish into a corner, cosamar a shacadh isteach i gcúinne.
To poke about in every corner, gach cúinne a shiortú.
To pull up at the corner, stopadh ag an gcoirnéal.
You will find the grocer round the corner, tá an grósaeir ar chúl an choirnéil.
To screen off a corner of the room, coirnéal a dheighilt ón seomra le scáthlán.
When we separated at the corner. nuair a scaramar ag an gcoirnéal.
In the corner stands a small table, istigh sa chúinne tá bord beag.
(Of car) It swept round the corner, scuab sé leis thart an coirnéal.
To be in a tight corner, a bheith i gcruachás, i sáinn.
To turn the corner, an coirnéal a chasadh.
To whip round the corner, scinneadh, sciorradh, thart an coirnéal.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News