PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Artificial tears, deora bréagacha.
His face was bathed in tears, bhí na deora go fras leis.
Her cheeks were bedewed with tears, bhí a haghaidh báite le deora.
Her eyes were bedimmed with tears, bhí a súile dallta ag deora.
Her cheeks were blubbered with tears, bhí a leicne ar snámh le deora, ata de bharr goil.
It brought tears to her eyes, bhain sé deora as na súile aici.
Crocodile tears, deora bréige.
Eyes that were dim with tears, súile a bhí dallta ag deora.
Eyes dimmed with weeping, súile a bheadh dallta ag deora.
To draw tears from s.o., deora a bhaint as duine.
With tears in her eyes, agus na deora léi.
F: To gulp down, back, (one's) tears, na deora a mhúchadh, a chosc.
The tears gushed into her eyes, líon a súile le deora.
Hot tears, deora goirte, deora teo.
She was in tears, bhí na deora léi.
To keep back one's tears, na deora a chosc.
She laughed till she cried, bhí sí ag gáire go dtáinig na deora lena súile.
He made us cry with laughter, thug sé na deora linn le neart, le teann, gáire.
Eyes moist with tears, súile (a bheadh) bog le deora.
To move s.o. to tears, na deora a bhaint as duine.
The tears rolled down his cheeks, bhí na deora ina rith lena ghrua.
F: Scalding tears, deora goirte.
The tears stood in his eyes, bhí na deora sna súile aige.
F: To swallow one's tears, cúl a chur ar na deora; na deora a chosc.
She wept tears of joy, bhí deora áthais léi.
To move s.o. to tears, na deora a bhaint as duine.
He laughed till the tears came, bhí sé ag gáire gur tháinig na deora leis.
Tears trickled down her cheeks, bhí na deora anuas lena grua.
It brought water to his eyes, bhain sé deora as a shúile.
(With cogn. acc.) To weep tears, deora fpl a shileadh.
Tears welled in her eyes, bhog na deora ina súile.