Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To make an advance, dul chun cinn.
He is going ahead, tá sé ag dul chun cinn, ag dul ar aghaidh.
To block progress, dul chun cinn a chosc.
Everything is going like clockwork, tá gach uile shórt ag dul chun cinn bonn ar aon.
To come forward as a candidate, dul chun cinn mar iarrthóir; dul isteach mar iarrthóir ar . . .
That boy will have a fine future, déanfaidh an garsún sin dul chun cinn ar fónamh fós.
We're not getting anywhere, níl muid ag dul chun cinn; níl aon mhaith á déanamh againn.
How to get on, conas dul chun cinn.
The work is going forward, tá an obair ag dul chun cinn.
Go-ahead times, saol a mbeadh dul chun cinn ann.
To gain ground, talamh, dul chun cinn, a dhéanamh; (of idea) dul i neart, i bhfairsinge.
To make headway, dul chun cinn.
All these so-called improvements, an dul chun cinn seo ar fad a deirtear atá á dhéanamh.
To advance by leaps and bounds, dul chun cinn i mbarr na bhfáscaí.
F: Lightning progress, dul chun cinn ar nós na gaoithe.
I mean to go ahead, tá rún agam dul chun cinn.
Things are proceeding as usual, tá gach rud ag dul chun cinn mar is gnách.
To proceed with sth., dul chun cinn, ar aghaidh, le; leanúint le, do (staidéar, etc.),
He is making progress in his studies, tá sé ag déanamh dul chun cinn lena chuid staidéir.
How is the business progressing? cén chaoi a bhfuil an gnó ag dul chun cinn?
He is very progressive, tá an-dul chun cinn ann; duine an-fhorásach é.
His prospects are brilliant, tá an-dul chun cinn roimhe, á thuar dó.
To push on to a place, dul chun cinn go dtí áit.
To rise in the world, dul chun cinn sa saol.
Rising man, fear (atá) ag dul chun cinn.
To make great strides, dul ar aghaidh, chun cinn, go fíormhaith.
F: To stride ahead, dul chun cinn go mear,
F: To reckon happiness in terms of worldly success, sonas a mheas de réir dul chun cinn sa saol.
To make one's way in the world, dul ar aghaidh, chun cinn, sa saol.
To make no great way, gan mórán dul chun cinn a dhéanamh.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News