PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
There are few, if any, left, níl mórán fágtha, má tá ceann ar bith.
He is not behindhand in generosity, níl sé fágtha de thairbhe féile.
I have still one string to my bow, tá an tseift dhéanach fágtha go fóill agam.
I found she had left the house, fuaireas go raibh an teach fágtha aici.
She'll never see forty again, tá an daichead fágtha ina diaidh aici.
It has, is, all gone, níl aon chuid de fágtha.
All the hatred had gone out of his voice, ní raibh aon phioc den fhuath fágtha ina ghlór.
There are three bottles left, tá trí bhuidéal fágtha, fanta, fós ann.
Iron: Left to the tender mercies of . . ., fágtha faoi luí na bíse ag . . .
There is not a mite left, níl oiread na fríde fágtha.
There is only one left, níl fágtha ach aon cheann amháin, ach ceann.
Com: We are out of them at the moment, níl aon cheann fágtha againn san am i láthair.
Twice and one over, dhá uair agus a haon fágtha.
I have four remaining, tá ceithre cinn fágtha agam.
I have scarcely any left, ní mó ná go bhfuil aon chuid fágtha agam.
He will never see forty again, tá an daichead fágtha ina dhiaidh aige.
F: He is on the shady side of forty, tá an daichead fágtha ina dhiaidh aige.
I have still five shillings, tá cúig scillinge fágtha agam.
I was sure I had left it behind, thabharfainn an leabhar go raibh sé fágtha i mo dhiaidh agam.
Give me all that is left, tabhair dom (gach) a bhfuil fágtha.
You can have what few books are left, cibé beagán leabhar atá fágtha féadann tú a gcoinneáil.