EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
get out. 1 v.tr a Stoithim, tarraingím (fiacail); tarraingím (corc), glanaim (smál). He got it out of the bottle, d'éirigh leis é a bhaint as an mbuidéal. To get a secret out of s.o., rún a scileadh as duine; a thabhairt ar dhuine rún a scaoileadh. To get money out of s.o., airgead a bhaint as duine. To get sth. out of it, rud a bhuachan air, rud a bheith dá bharr agat. To get s.o. out of a fix, duine a thabhairt slán as éigean; duine a fhuascailt ó chruachás. He got the child out of the habit, bhain sé an cleachtadh as an bpáiste. b Tugaim, cuirim, amach. To get out a car, gluaisteán a thabhairt amach. He got out his knife, pipe, tharraing sé amach a scian, a phíopa. To get out a boat, bád a chur ar an snámh. To get out a book, (i) leabhar a fhoilsiú; (ii) (of library member) leabhar a thógáil (ar iasacht). To get out a scheme, scéim a leagan amach; scéim a chur ar fáil. To get out plans, pleananna a leagan amach. Com: To get out a balance-sheet, clár fuílleach a ullmhú. c Réitím, scaoilim, fuasclaím (ceist matamaitice). 2 v.i. a To get out of sth., teacht as rud. The bird got out of its cage, d'éalaigh an t-éan as an gcás. The secret got out, sceitheadh an rún. To get out of s.o.'s way, an bealach a fhágáil roimh, ag, duine. Get out (of here)! tóg ort! You must either do it or get out, iomair an bád nó fág ar fad í. He had to get out, b'éigean dó imeacht. b To get out of a difficulty, teacht as cruachás. To get out of a duty, éalú ó dhualgas. I can't get out of doing it, níl dul as agam ach é a dhéanamh. Com: F: He got out without loss, níor chaill sé aon ní dá chionn. I got out of the habit of doing it, d'éiríos as mar bhéas.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To get out of bed, éirí as an leaba.
Prov: One can't get blood out of a stone, is doiligh olann a bhaint de ghabhar.
To lose one's breath, to get out of breath, an anáil a chailleadh.
P: He won't get much change out of me, ní mórán brabaigh a gheobhas sé ormsa.
He got out of control, d'imigh sé ó smacht.
I got out of my depth, (i) chuas thar foras, thar mo bhaint; (ii) F: chuas thar mo riocht.
To get out of one's difficulties, teacht as an sáinn, as an ngéibheann.
He knows how to get out of a difficulty, fág faoi é teacht as gábh, as gaiste.
To have gas to get out a tooth, dul faoi ghás chun fiacail a tharraingt.
I get nothing by it, out of it, níl faic agam dá bharr.
To get out of the groove, droim a thabhairt leis an ngnáth.
To get out, fall out, of a habit, dul as cleachtadh.
To get out of hand, dul ó smacht.
To get the meat out of a book, smior, brí, a bhaint as leabhar.
I can't get it out of his mind, ní féidir liom a chur as a cheann.
F: I got out of it minus one eye, tháinig mé as ach d'fág mé mo leathshúil i mo dhiaidh ann.
There is no getting out of it, níl bealach éalaithe as.
To get out of order, dul as cor.
To get money out of s.o., airgead a bhaint de dhuine (le bagairt, mealladh).
He has got a new rig-out, tá culaith úr aige.
F: To get a rise out of s.o., duine a bhaint; imirt ar dhuine.
To get out of the ruck, éirí os cionn na coitiantachta.
To get out of the rut, droim a thabhairt don ghnáth.
To get out of shape, to lose shape, dul as a chuma.
To get togged out anew, culaith nua éadaigh a fháil.
To get out of trouble, na haenna a thabhairt leat.
To get s.o. out of trouble, duine a thabhairt as an abar.
To get out of tune, dul as tiúin.
He seems to go out of his way to get hurt, déarfá gur d'aonghnó a théann sé i mbealach a bhasctha.
To get out of the way, an bealach a fhágáil.
Get out of the way! fág an bealach!
I can't get a word out of him, ní thig liom aon chaint a bhaint as.
F: To get out of bed on the wrong side, éirí ar do chois chlé.