PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The climate is affecting his health, tá an aeráid ag goilleadh ar a shláinte.
To consider feelings, féachaint le gan goilleadh ar dhuine; bheith cáiréiseach i nduine.
Don't be so cut up about it, ná goilleadh sé chomh mór sin ort.
I feel for, with, him in his sorrow, goilleann a bhuairt orm.
I can't bear the idea, cuireann sé rud orm, goilleann sé orm, smaoineamh air.
It jars on my feelings, goilleann sé orm.
I don't mind the cold, ní ghoilleann an fuacht orm.
It offends the eye, goilleann sé ar an tsúil.
His responsibilities press heavily upon him, luíonn, goilleann a chúram go trom air.
F: Something is preying on his mind, tá rud éigin ag goilleadh, ag cur, ar a intinn.
He is put out about it, tá sé ag goilleadh air.
To rankle in s.o.'s mind, goilleadh ar intinn duine; bheith ag scalladh an chroí ag duine.
(Of pers.) He is sensitive to cold, goilleann an fuacht air.
To take sth. (too) seriously, ligean de rud goilleadh (rómhór) ort; iomarca aird a bheith agat ar rud.
He takes offence at the slightest thing, goilleann an rud is lú ar bith air.
He is smarting under the injustice, tá an éagóir ag goilleadh air.
The heat takes it out of me, goilleann an teas orm.
Don't take it unkindly if I go, ná goilleadh sé ort má imím.
He is easily upset, is furasta goilleadh air, cur air.
The debt is weighing on his mind, tá na fiacha ag goilleadh ar an intinn aige.
To wound s.o.'s feelings, goilleadh ar dhuine.