EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
going1, a. 1 A going concern, gnó atá ar siúl. 2 It is one of the best firms going, tá sé ar cheann de na comhlachtaí is fearr amuigh.
going2, s. 1 a Goings and comings, teacht m agus imeacht m. b Four hundred miles in two hours, that’s very good going, ceithre chéad míle in dhá uair a chloig, is breá an siúl é. c Going to law, dul chun an dlí, chun na cúirte. 2 Dul m chun siúil, imeacht m. 3 Rough going, (i) bealach m aimhréidh; (ii) marcaíocht f anacair. Go while the going is good, bí ag imeacht fad agus tá an deis agat.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is accustomed to going there, tá sé de nós aige dul ansin.
He is going ahead, tá sé ag dul chun cinn, ag dul ar aghaidh.
His condition would not allow of his going out, ní fhéadfadh sé dul amach ag an mbail a bhí air.
Things are (going) all anyhow, tá an uile rud bun os cionn.
He is going from bad to worse, tá sé ag dul ó ghiolla na sliogán go giolla na mbairneach.
Things are going, turning out, badly, níl ag éirí go rómhaith leis na gnóthaí.
Going about barefooted, ag imeacht sna boinn.
Before going away, he said . . ., roimh imeacht dó, sular imigh sé, dúirt sé ...
He is bent on going away, tá rún daingean imeachta aige.
That is (going) beyond a joke, tá sin ag dul thar ghreann.
They're going, selling, like hot cakes, tá fuadach orthu; tá siad lasta.
Everything is going like clockwork, tá gach uile shórt ag dul chun cinn bonn ar aon.
He is going dead slow, tá sé ag imeacht go rímhall.
They are quite decided about going there, tá siad meáite go daingean ar dhul ann.
He is going to his own destruction, tá sé ar bhealach a bhasctha.
I am going for a dip, táim ag dul ag snámh.
Going downwards, ag dul síos.
An easy-going man, sodamán m, duine sochma.
I thought he was going to eat me, shíleas go raibh sé ar tí mé a fheannadh.
That is going too far, tá sin ag dul thar fóir.
F: I am not going to pull the chestnuts out of the fire for him, ní chuirfeadsa mé féin i gcontúirt chun breith ar a aithreachas a thabhairt dósan.
adv.It is going first-rate, tá sé ag déanamh go seoigh, go diail.
He was going at a foot-pace, bhí sé ag imeacht leis de réir a choise.
I am going to London and I'll stay there for a week, beidh mé ag dul go Londain agus fanfaidh mé ann ar feadh seachtaine.
Where are you going? cá bhfuil do thriall?
To be going, bheith ag gluaiseacht, sa siúl.
To set a machine going, inneall a chur ag gluaiseacht, sa siúl.
To keep s.o. going in food, bia a choimeád le duine.
He has enough to keep him going, tá tarraingt a láimhe aige.
We must keep the industry going, caithfimid an tionscal a choimeád ar siúl.
To keep the fire going, an tine a choimeád ar lasadh, istigh.
How is the war going? conas tá an cogadh ag imeacht, ag déanamh?
Things are not going well, tá droch-chaoi ar an scéal.
As things are going, ar an gcuma a bhfuil an saol (ag imeacht).
When he gets going he never stops, nuair a thosaíonn sé ní féidir é a stad.
To be going fifty, bheith ag druidim leis an leathchéad.
She kept going oh! and ah! bhí gach aon ó! agus á! aistí.
We must be going, tá sé in am bóthair.
His sight is going, tá na súile ag teip air; tá an radharc ag meath aige.
These spoons are going for sixpence each, tá na spúnóga seo á ndíol ar réal an ceann.
Going! going! gone! aon! dó! trí! díolta is ceannaithe!
If I hear of any job going, má chloisim faoi aon phost a bheith ag imeacht
I am going to go, táim meáite ar dhul.
I am going to have my own way, mo thoil féin a dhéanfad.
I am not going to be forced, ní imreoidh aon duine lámh láidir ormsa.
I am going to spend my holidays abroad, tá beartaithe agam, tá ar intinn agam, dul thar sáile ar mo laethanta saoire.
I am going to tell you a story, inseoidh mé scéal duit anois.
He's going it! tá sciatháin faoi! níl aon teorainn leis!
There is a rumour going about that . . ., tá ráfla ag imeacht, á reic, go . . .
He is going about again, tá sé ar a chois arís.