Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: afar · ar · fa · fad · faí
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for far »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
far1, adv. Fada (ó bhaile). 1 a To go far, dul i bhfad (ó bhaile). It is not so far, níl sé chomh fada sin. To carry a canal as far as the sea, canáil a ghearradh chomh fada leis an bhfarraige. How far is it from . . . to. . .? cá fhad é ó... go...? cén t-achar é ó . .. go . . .? We will go so far and no farther, rachaimid chomh fada sin ach ní rachaimid thairis. Thus far, chomh fada seo, go dtí seo. As far as the eye can reach, fad radhairc (uaim, etc.); feadh radhairc. To live far away, far off, cónaí i bhfad ó láthair. Far and wide, go fada fairsing, i gcéin is i gcóngar. Stake driven far into the ground, cuaille a tiomáineadh go domhain sa talamh. Far from . . ., i bhfad ó ... Not far from..., i ngar do ... b That will go far towards making up for the loss, cuideoidh sin go mór leis an gcaillteanas a thabhairt isteach. To make money go far, gairmint mhaith a bhaint as an airgead. He went so far as to ask me to do it for him, níor stop sé gur iarr sé orm é a dhéanamh dhó. He has gone too far to withdraw, tá sé imithe rófhada chun tarraingt siar. That is going too far, tá sin ag dul thar fóir. How far have you got (in your reading, etc.)?, an fada chun cinn atá tú (sa léitheoireacht, etc)? As far as I know, go bhfios dom. As far as that goes..., chomh fada leis sin de . . . I will help you as far as I can, cabhród leat oiread agus is féidir liom. So far so good, tá an méid sin ceart. In so far as..., chomh fada agus ... I am far from believing it, is fada buí uaim é a chreidiúint. Far from admiring him, I loathe him, ní meas atá agam air ach a mhalairt, an dearg-ghráin. He is far from happy, is fada uaidh a bheith sásta. Far from it, a mhalairt ar fad. Not far from it, geall leis, i ngar dó. Far be it from me to press you, nár lige Dia go ndéanfainnse aon tathaint ort. He is not far off sixty, níl sé i bhfad ó na trí fichid. By far the best, an ceann ab fhearr go mór fada. 2 (Of time) So far, go dtí seo. Has he come? Not so far, ar tháinig sé? Níor tháinig, go fóill. As far back as I can remember, chomh fada siar agus tá cuimhne agam. As far as I remember, chomh fada le mo chuimhne; más maith mo chuimhne. As far back as 1900, chomh fada siar leis an mbliain 1900. He did not look so far into the future, níor fhéach sé chomh fada sin roimhe. Far into the night, i bhfad amach san oíche. 3 (With qualifying adjectives, adverbs, etc.) It is far better, is fearr i bhfad, go mór, é. He is far and away the best, is é an té is fearr go mór is go fada é. The night was far advanced, far spent, bhí an oíche thar droim.
far2, a. 1 Imigéiniúil; (tír) i gcéin. 2 At the far end of the street, ag bun na sráide thíos, ag an gceann is faide uaim (uait, etc.) den tsráid. The far side of the street, the hill, an taobh thall den tsráid, den chnoc.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Without (any) more, without further, ado, gan níos mó saothair.
Far afield, i bhfad ó bhaile.
Farther afield, níos faide amach.
I cannot go any further, ní thig liom dul níos faide.
I shall help you as far as I can, tabharfaidh mé oiread cuidithe duit agus is féidir liom.
As far as I am aware, go bhfios dom.
Far away, i bhfad ar shiúl, ó bhaile, uainn.
This is far and away the best, seo an rud is fearr ar gach uile bhealach.
That is far and away better, is fearr sin go mór (ná...).
Far back, i bhfad siar, i bhfad ar deireadh.
Far back in pagan times, i bhfad siar in aimsir na págántachta.
As far back as 1914, chomh fada siar le 1914.
The country is (far) behind its neighbours, tá an tír i bhfad ar gcúl le taobh a comharsana.
He is far better than John, níl aon ghoir ag Seán air.
By far, i bhfad.
I keep clear of him as far as possible, fanaim amach uaidh chomh maith agus a fhéadaim é.
As far as I am concerned, chomh fada liomsa de.
A sharp rise of ground with a corresponding slope on the far side, ard géar agus a dhíol, a chothrom, d'fhána ar an taobh eile.
It is a far cry from here to..., is fada an t-achar as seo go . . .
To await further developments, fanacht le cor nua sa scéal.
Not far distant from..., achar, aistear, beag ó ...
The Far East, An Cian-Oirthear m.
Too far east is west, soir gach siar faoi dheireadh thiar.
Far-away look, féachaint smaointeach.
Visits few and far-between, cuairteanna annamha, i bhfad ó chéile.
In far-off times, na cianta cairbreacha ó shin.
Farther off, níos faide ó láthair, ar shiúl.
Farther on, níos sia ar aghaidh.
Nothing is farther from my thoughts, is é an rud is deireanaí a gcuimhneoinn air é.
F: To wish s.o. farther, duine a chur in ainm an diabhail.
Farther back, níos sia ar gcúl, siar.
At the farther end of the room, ag an taobh thall den seomra.
Farther back, níos túisce, faide siar(than, ).
Farthest (off), is sia, faide, ó láthair, ar shiúl.
In farthest Siberia, in iargúil na Sibéire.
The men farthest in his confidence, na daoine is mó a raibh muinín aige astu.
As far as is feasible, chomh fada agus is féidir.
F: It was still a far fetch to London, b'fhada an t-achar fós é go Londain.
The seat is too far forward, tá an suíochán rómhór chun tosaigh.
Not far from..., achar gearr ó...
I am far from satisfied, is fada uaim a bheith sásta.
I did not question him any further, níor cheistíos thairis sin é.
Without troubling yourself any further, gan a thuilleadh trioblóide a chur ort féin.
Until you hear further about it, go gcloisfidh tú an dara scéal faoi.
To go further into sth., rud a iniúchadh níos grinne.
Further back, níos faide (ná sin) ó shin; tamall is sia siar ná sin.
And further, I think it right that . . ., agus thairis sin, is dóigh liom go mba cheart go . . .
At the further end of the room, ag an taobh thall den seomra.
To remand a case for further enquiry, cúis a chur ar athló chun tuilleadh fiosrúcháin a dhéanamh.
Without further loss of time, gan tuilleadh aimsire a chur amú.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News