PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
They were threepence a pound, trí phingin an punt a bhí orthu.
I know a Doctor Walsh, tá aithne agam ar dhochtúir (áirithe) de Bhreatnach.
They are of a size, tá siad ar aon mhéid.
She was caught, taken, aback, tháinig an ghaoth ina haghaidh, daor uirthi.
In abeyance, ar stad, ar fionraí.
The matter is still in abeyance, tá an gnó sin ar fionraí fós.
(Of pers., thg.) It is abhorrent to me, tá gráin agam air.
He did it to the best of his ability, rinne sé é chomh maith is bhí ar a chumas.
Ablaze with light, ar aon bharr amháin solais.
Ablaze with anger, ar lasadh le fearg.
To go aboard, dul ar bord.
All aboard! ar bord libh!
prep.Aboard (a) ship, ar bord loinge.
It proved abortive, ní raibh toradh ar bith air; theip air.
He went a long way about, chuir sé timpeall mór air féin.
Don't leave those papers lying about, ná fág na páipéir sin caite ar fud an bhaill.
To walk about the streets, siúl ar fud na sráideanna.
He is about again, tá sé ar a bhoinn arís.
There was a look of kindness about his face, bhí dreach cineálta air.
About as big as it, tuairim ar chomh mór leis.
It is about time, (i) tá sé ag tarraingt ar an am; (ii) Iron: is mithid é.
Much ado about nothing, gleo mór ar bheagán cúise.
What about my book? cad mar gheall ar mo leabhar?
To be about to do something, bheith ar tí rud a dhéanamh.
What are you about? cad é atá ar siúl agat?
The water reached above their knees, bhí an t-uisce os cionn na nglún orthu.
A mountain rises above the lake, tá cnoc ina sheasamh ar imeall an locha.
He is above telling a lie, ní chromfadh sé ar bhréag.
His conduct was above-board, ní dheachaigh sé ar chúl scéithe leis.
He is just back from abroad, níl sé ach tar éis teacht ar ais ón gcoigrích.
Troops serving abroad, saighdiúirí ar seirbhís i gcéin.
There is a rumour abroad, tá ráfla ag imeacht, ar siúl; tá an scéala amuigh.
He is all abroad, tá dul amú mór air; tá seachrán trom air.
I am all abroad, níl bun ná barr le fáil agam air.
Why were you absent from school? cén fáth nach raibh tú ar scoil?
It is absolutely forbidden to..., tá dianchosc ar ....
To abstain from meat, troscadh ar fheoil; tréanas a dhéanamh.
Abuse of trust, caimiléireacht f ar iontaoibh.
The two fields abut, tá an dá pháirc ag síneadh le chéile, teorainn ar theorainn le chéile.
Abutting joint, alt m bun ar bhun.
The speed accelerated, ghéaraigh ar an luas.
To beg a person's acceptance of sth., iarraidh ar dhuine glacadh le rud,
He secured their acceptance of the proposal, thug sé orthu glacadh leis an moladh.
Acceptance test, trial, triail f (ar earra roimh a cheannach).
I have access to him, tá teacht agam air.
Accession to one's income, méadú m ar do theacht isteach.
To accompany a person on the piano, duine a thionlacan ar an bpianó.
He did it of his own accord, rinne sé é dá thoil féin, ar a chonlán féin, uaidh féin.
To pay ten pounds on account, deich bpunt a íoc mar chuid den chuntas, mar ghlasíoc, ar chuntas.
He found his own account in it, chuaigh sé ar sochar dó.