PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is far better than John, níl aon ghoir ag Seán air.
To be bitten with a desire to do sth., bheith ar gor ag iarraidh rud a dhéanamh.
To burn with desire to do sth., bheith ar gor le rud a dhéanamh.
I was bursting to tell him, bhí mé ar gor lena insint dó.
Charity begins at home, dá ghoireacht do dhuine a chóta is goire dó a léine.
He can't compare with you, níl aon ghoir aige ortsa.
I’ll cook his goose for him, déanfadsa a ghoradh dhó.
To raise iron to a red, a white, heat, goradh dearg, goradh geal, a thabhairt d'iarann.
Med: Incubation period, tréimhse f goir.
He is itching to do it, tá sé ar gor chuige.
Inflammation of the lungs, gor m scamhóige.
Nobody comes within miles of him, níl goir ná gaobhar ag aon duine air.
He is not near, nowhere near, so strong as you, níl aon ghoir aige a bheith chomh láidir leatsa.
Nobody can come anywhere near her, níl goir ná gaobhar ag aon duine uirthi.
Nesting time, aimsir ghoir.
F: He singed his wings, is é a loisc a ghabhal agus nár rinne a ghoradh.
Sitting hen, cearc ar gor.
I will make him squirm, cuirfidh mé deann tríd, déanfadsa a ghoradh.
I am not in the same street with him, níl aon ghoir agam air; is fada uaim a bheith inchurtha leis.
F: He toasted his feet (before the fire), thug sé goradh den tine dá chosa.
No one can touch him in cards, níl goir ag aon duine air mar fhear cártaí.
Come and have a warm, tar agus déan do ghoradh.
To give sth. a warm, goradh a thabhairt do rud.
Warm yourself at the fire, in the sun, déan do ghoradh ag an tine, leis an ngrian.