EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
street, s. a Sráid f. To turn s.o. into the streets, duine a chur amach thar an doras. To walk the streets, bheith ag sráideoireacht. The man in the street, an gnáthdhuine; an pobal. I am not in the same street with him, níl aon ghoir agam air; is fada uaim a bheith inchurtha leis. He is streets above you, is fearr fiche uair é ná thú. Street-level, cothrom m na sráide. Street accidents, tubaistí bóthair. Street cries, scairteanna ceannaí sráide. Street musician, ceoltóir m sráide. b (Opposed to footway) An bóthar.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To walk about the streets, siúl ar fud na sráideanna.
To walk across the street, siúl trasna na sráide.
He lives across the street, tá sé ina chónaí ar an taobh thall den tsráid.
The street was alive with people, bhí an tsráid dubh le daoine.
To go along a street, dul síos (suas, etc.) sráid.
The house stands at an angle to the street, tá an teach ar fiar leis an tsráid.
The appearance of the streets, an chuma, an dreach, atá ar na sráideanna.
The street was awash, bhí an tsráid faoi uisce.
The back streets of the town, cúlsráideanna an bhaile mhóir.
I have been into every shop in the street, tá gach uile shiopa sa tsráid siúlta agam.
Busy street, sráid phlódaithe.
To carry pipes under a street, píopaí a leagan faoi shráid.
(Street-)crossing, bealach m trasnaithe (sráide).
The streets were crowded, bhí na sráideanna plódaithe.
Streets crowded with traffic, sráideanna plódaithe le trácht.
F: The thief fled with the street in full cry after him, thug an gadaí do na boinn é agus míle murdair ag lucht na sráide ina dhiaidh.
He dashed down the street, chuaigh sé de rúid síos an tsráid.
Densely crowded streets, sráideanna plúchta le daoine.
This street became deserted, bhánaigh an tsráid.
To dive into the street, scinneadh m amach sa tsráid.
Entrance door, street-door, front-door, doras sráide, doras tosaigh.
To go down the street, down a hill, dul síos an tsráid, síos an cnoc.
The end house of the street, an teach ag bun na sráide.
At the far end of the street, ag bun na sráide thíos, ag an gceann is faide uaim (uait, etc.) den tsráid.
The far side of the street, the hill, an taobh thall den tsráid, den chnoc.
I know him from seeing him in the street, tá aithne agam air de bharr é a fheiceáil sa tsráid.
Windows that front the street, fuinneoga ar aghaidh na sráide.
The door gives into the street, tá an doras ag oscailt amach ar an tsráid.
To go about the streets, a bheith ag siúl na sráideanna.
The High Street, an tSráid Mhór.
To idle about the streets, bheith ag leadaíocht, ag fálróid, thart ar na sráideanna.
The streets in Derry, sráideanna Dhoire.
To go the length of the street, dul ó cheann ceann na sráide, fad na sráide.
The police would not let anyone along the street, ní scaoilfeadh, ligfeadh, na póilíní aon duine faoin tsráid.
The troops lined the street, bhí saighdiúirí ina líne ar gach aon taobh den tsráid.
Mean street, sráid bhocht.
I met him in the street, casadh orm, liom, dom, ar an tsráid é.
Room that looks on (to) the street, seomra a bhfuil a aghaidh ar an tsráid.
One-way street, sráid f aontreo.
The passage opens on to the street, tabharfaidh an pasáiste amach chun na sráide thú.
Street orderly, glantóir m sráideanna.
Street organ, orgán sráide.
Jutting out over the street, sínte amach os cionn na sráide.
To parade (through) the streets, máirseáil trí na sráideanna.
To pass along the street, dul síos (suas, siar, etc.) an tsráid.
To prowl about the streets, a bheith ag faghairseáil, ag locadóireacht, thart ar na sráideanna.
He raced down the street, chuaigh sé síos an tsráid de ruathar.
Street-refuge, oileán m sráide.
To rove the streets, imeacht ar fán ar fud na sráideanna.
To run down the street, rith síos an tsráid.