Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: iompóigh · tiompaigh · impigh · iolaigh · iomadaigh
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
REVERSE SEARCH IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To turn something about, rud a iompú thart, a chasadh thart.
To turn about, iompú thart, casadh thart.
He turned away with an assumption of indifference, d'iompaigh sé i leataobh is é ag ligean neamhshuime air féin.
To turn the balance, an scála a iompú.
He became a Catholic, d'iompaigh sé ina Chaitliceach.
It is becoming cold, tá sé ag iompú fuar.
The truth burst (in) upon me, ar iompú do bhoise thuigeas fírinne an scéil.
Nau: To cant a boat for repairs, bád a iompú lena deisiú.
A change for the worse, iompú donachta.
He changed colour, d'iompaigh a lí ann; chuir sé dathanna de.
It changed for the better, tháinig iompú bisigh air; chuaigh sé i bhfeabhas; (of weather) bhisigh sé.
He changed colour, d'iompaigh an lí ann.
Conversion of s.o. to Christianity, iompú duine ina Chríostaí.
To become a convert to sth., iompú le rud.
He turned state evidence, d'iompaigh sé ina fhinné stáit (agus chruthaigh in aghaidh a chomrádaithe).
She made eyes at John, F: she gave John the glad eye, bhí sí ag iompú catsúilí ar Sheán.
To fold down, back, the blankets, na blaincéid a fhilleadh, a iompú, ar ais.
To get religion, iompú chun creidimh.
To go communist, iompú leis an gcumannachas.
He went white, d'iompaigh an lí ann.
To heave ahead, astern, iompú ar tosach, ar deireadh.
To turn over the leaves of a book, leathanaigh leabhair a iompú.
Car liable to overturn, gluaisteán ar baol go n-iompóidh sé.
To turn a player's luck, an roth a iompú ar imreoir.
To turn a skin outside in, craiceann (coinín, etc.) a iompú taobh bunoscionn.
To turn sth. over and over, rud a iompú agus a athiompú.
Knitting: Purl stitch, lúb ar tuathal, iompaithe.
Knit one, purl one, gach re lúb sleamhain agus iompaithe, ar deiseal is ar tuathal.
He suffered a reverse of fortune, d'iompaigh an roth air.
To round on one's heel, iompú m ar do chois; casadh timpeall.
A reaction is setting in against him, táthar tosaithe ar iompú ina aghaidh.
There is a slight improvement in him, tá iompú beag bisigh aige.
To swing round, casadh, iompú, timpeall, thart ; teacht thart.
To tilt over a table, bord a chaitheamh, a iompú, droim ar ais.
To tip (over), (rud) a leagan, a iompú, béal faoi.
He tipped his passengers into the ditch, d'iompaigh sé a chuid paisinéirí sa díog.
To tip (over), iompú droim ar ais; (of boat, etc.) iompú ar a béal fúithi.
Tipping (over), iompú m droim ar ais, béal faoi.
To make, to take, a turn to the right, casadh faoi dheis, iompú ar dheis.
The patient has taken a turn for the better, tá iompú bisigh ar an othar.
To turn (over) a page, leathanach a iompú, a chur thart.
To turn a garment inside out, ball éadaigh a iompú (taobh tuathail) amach.
To turn the hay, an féar a iompú.
To turn one's thoughts to God, do smaointe a iompú chun Dé.
It turned upside down, d'iompaigh sé thar a chorp.
To turn short, iompú grod.
He turned to the left, d'iompaigh sé ar clé.
His luck has turned, d'iompaigh an roth air.
The affair was turning to tragedy, bhí an scéal ag iompú chun tubaiste.
He turned socialist, d'iompaigh sé ina shóisialach.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News