PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I adjure thee by the living God, cuirim ort as ucht Dé.
You needn't advertise the fact, níl feidhm ort an scéal a chur i gcluasa an tsaoil.
Don't be afraid, ná bíodh eagla ort.
What ails you? cad é atá ort?
If you are at all anxious, má tá (bhíonn) imní dá laghad ort.
If you are anxious to do it, má tá fonn ort a dhéanamh.
If he has in anywise offended you, má chuir sé fearg ort ar dhóigh ar bith.
I had the same trouble as you, bhí an trioblóid chéanna orm a bhí ort féin.
You ought to be ashamed of yourself, ba chóir duit náire a bheith ort.
You may have it for the asking, it is yours for the asking, níl ort ach a iarraidh.
Be well assured that. . ., ná bíodh lá amhrais ort, ná bíodh ceist ar bith ort, nach.. .
Away with you! tóg ort! Gread leat!
Talk away! lean ort ag caint!
F: Put your back into it, leag ort féin, cuir do ghualainn leis.
You are to re-write this page, tá ort an leathanach seo a athscríobh.
P: Beat it! tóg ort! gread!
You're a lucky beggar! nach ort atá an t-ádh! tá an t-ádh i do chaipín!
Don't be uneasy on my behalf, ná bíodh imní ort mar gheall ormsa, de mo thairbhese.
(To child) Behave yourself! bíodh múineadh ort; iompair thú féin!
I beseech you to do it, impím ort é a dhéanamh, agraím thú agus déan é.
Do as you are bid, déan mar a iarrtar ort, mar a deirtear leat.
Are you tired? No, not a bit! bhfuil tuirse ort? níl ná tuirse!
I am not blaming you, níl aon mhilleán agam ortsa.
Blessings upon you! cumhdach Dé ort!
You be blowed! scread mhaidine ortsa.
You are in duty bound to do it, tá sé mar dhualgas ort a dhéanamh.
You have brought it on yourself, tú féin a tharraing ort féin é.
What business had you to tell him so? cad a thug ort a insint dó?
(Subordinating) I never pass there but I think of you, ní théim an bealach am ar bith gan smaoineamh ort.
I'll give you a call, labhróidh mé leat, glaofaidh mé ort, ar an nguthán.
You are being called, tá glaoch ort.
How could you? céard a tháinig ort is a leithéid a rá, a dhéanamh?
What cheer? cén bláth atá ort?
What has come over you? céard atá ort? céard a tháinig ort?
Make yourself comfortable about that, ná bíodh aon imní ort faoi sin.
Command over oneself, smacht ort féin, guaim ort féin.
He can't compare with you, níl aon ghoir aige ortsa.
What is your complaint? céard atá ort? céard atá ag dul duit?
Compose yourself! coinnigh guaim ort féin! beir ar do chiall!
Congratulations! Go maire tú (i bhfad)! tuilleadh biseach ort! mo ghraidhn (go deo) tú!
To be conscience-stricken, buaireamh coinsiasa a bheith ort.
To cough consumptively, casacht ar nós dá mba eitinn a bheadh ort.
Learn to control yourself, foghlaim le guaim, le smacht, a choinneáil ort féin.
Don't be so cut up about it, ná goilleadh sé chomh mór sin ort.
Damn you! marbhfháisc ort! droch-chríoch ort!
Damn your impudence! drochrath ort le caoi a bheith ort!
You deceive yourself, tá breall ort, tá tú ag cur dallach dubh ort féin.
To be delirious, bheith ag rámhaillíocht, speabhraídí a bheith ort.
Talk of the devil and he's sure to appear, duine beannaithe thú, bhí muid ag caint ort; tig gach aon rud lena iomrá (ach an madra rua is an marbhánach).