PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Against the rules, in aghaidh na rialacha.
We are bound by strict rules, tá rialacha dochta orainn.
Breach of regulations, sárú rialacha.
(Prep. use) To bring s.o. under discipline, duine a chur faoi riail, faoi smacht.
To be received into the Church, (i) dul isteach sa riail; (ii) baisteadh a ghlacadh.
To enter a convent, dul isteach sa riail; dul sna mná rialta.
To depart from a rule, riail a bhriseadh.
An article that embodies the following regulation . . ., alt a bhfuil an riail seo leanas ann...
To enforce a rule, féachaint chuige go gcomhlíonfaí riail.
Fixed rule, riail dhaingean.
Golden rule, sár-riail f -lach.
Hard and fast rules, rialacha daingne.
To ignore a rule, gan beann a thabhairt ar riail.
To keep order in a crowd, riail a choinneáil ar shlua.
Laws of a game, rialacha cluiche.
This rule notwithstanding, ainneoin na rialach seo.
She will be a nun, rachaidh sí sa riail, sna mná rialta.
To offend against the rules of grammar, rialacha gramadaí a bhriseadh.
Regulations at present in operation, na rialacha atá ann faoi láthair.
To keep order in a town, riail a choinneáil ar bhaile.
Government by the people, riail an phobail.
Hospital regulations, rialacha ospidéil.
To set sth. down as a rule, riail a dhéanamh de rud.
To do everything by rule, gach rud a dhéanamh de réir rialach.
Rule of thumb, riail láimhe.
Mth: Rule of three, riail na dtrí.
Rules of conduct, rialacha iompair.
Rules and regulations, rialacha agus rialacháin.
The rules of the game, rialacha an chluiche.
That is against the rules, tá sin in aghaidh na rialacha.
Rule of court, riail chúirte.
Folding rule, riail infhillte.
Surv: Sighting rule, riail treorach.
(Brass) rule, riail (phráis).
To rule a line, líne a tharraingt le riail.
Rules that he who runs may read, rialacha atá le tuiscint ag an saol mór.
Severe regulations, rialacha géara.
Strict discipline, riail ghéar, dhian.
To transgress a rule, riail a bhriseadh, a shárú.
Unhampered by rules, gan bac rialacha ort.
War-time regulations, rialacha le linn cogaidh.
Watertight regulations, rialacha gan aon lúb ar lár iontu.