PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He became a king, a priest, rinneadh rí, sagart, de.
The priest gave the blessing to the congregation, thug an sagart an bheannacht don phobal.
canonicals, éide f sagairt.
F: The cloth, (i) éadach m sagairt; an bóna; (ii) an chléir f.
He was disguised as a priest, bhí sé i riocht sagairt.
If it should come to the ears of the priest, dá dtagadh sé in éisteacht an tsagairt; dá gcloisfeadh an sagart an scéal.
F: A pastor and his flock, sagart agus a thréad, a phobal.
If this should meet the eye of the priest, má leagann an sagart a shúil air seo.
To receive the ministrations of a priest, friotháil sagairt a fháil.
Is he a priest or not? an sagart é nó nach ea?
The priest is saying his office, tá an sagart ag rá a thrátha, ag léamh a phortúis.
He was ordained, rinneadh sagart de; fuair sé ord beannaithe.
He took holy orders that same year, sin an bhliain chéanna ar rinneadh sagart de.
The priests, na sagairt, an chléir.
Parish priest, sagart paróiste.
The priest serves two parishes, tá dhá pharóiste faoi chúram an tsagairt.
The man's, priest's, hat, hata an fhir, an tsagairt.
At one time priest of this parish, sagart an pharóiste seo tráth.
To die unshriven, bás a fháil gan sagart.