PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Basic salt, salann bunata.
To carry s.o. in a lady-chair, sac salainn a dhéanamh de dhuine.
He can't sing for nuts, ní fiú salann lena chuid é ag gabháil cheoil.
Rock salt, salann mianaigh.
Kitchen salt, salann garbh.
Meat in salt, feoil ar salann.
B: Ye are the salt of the earth, sibhse salann na talún.
Ch: Metallic salt, salann miotalach.
Salt(s) of lemon, salann líomóide.
To dissolve a salt to saturation, salann a leá go pointe sáithithe.
Highly seasoned anecdote, scéal agus salann air.
To give spice to a story, blas, salann, a chur ar scéal.
Touch of salt, gráinnín m salainn.
Would you kindly pass me the salt, cuir anall an salann chugam, le do thoil.