PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He found his own account in it, chuaigh sé ar sochar dó.
I gained little advantage from it, is beag a chuaigh sé ar sochar dom.
He turned it to advantage, chuir sé chun sochair dó féin é.
(Of event) It turned out to his advantage, is é rud a chuaigh sé ar sochar dó.
To derive, reap, benefit from sth., sochar a bhaint as rud.
Jur: The benefit of the doubt, sochar m an amhrais.
v.i.To benefit by sth., leas, tairbhe, sochar, a bhaint as rud.
To enter, put, a sum to s.o.'s credit, suim a chur de shochar cuntas duine.
Credit balance, fuílleach sochair, creidmheasa.
Com: To credit a sum to s.o., to credit s.o. with a sum, suim a chur chun sochair do dhuine, i leith duine.
That will not help you, ní rachaidh sin ar sochar duit.
Instead of our having profited by it..., in áit sochar ar bith a bheith againn as ...
It is a good investment, tá sochar maith le fáil as.
He did justice to his talent, chuir sé a bhua chun sochair.
To make profit, sochar m a dhéanamh.
What will you make by it? cén sochar a bheas agat air? cé mhéad a bheas tú buaite ann?
Credit note, nóta sochair.
To turn sth. to profit, rud a chur chun suime, chun sochair, chun somhaoine.
Profit and loss, sochar agus dochar.
He profited by her advice, chuaigh a comhairle ar sochar dó; rinne a comhairle leas dó.
Com: Returns, sochar m, brabach m.
To make sth. subservient to sth., rud a chur chun sochair do rud.
To tend to the success of an enterprise, dul chun sochair, cur chun ratha, do ghnó.
He makes a good thing out of it, tá sé ag baint sochair mhaith as.
To leave nothing undone which might help, gan faillí a dhéanamh in aon rud a rachadh chun sochair.
I will make it worth your while, féachfadsa chuige go mbainfidh tú sochar as.