Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: heap · held · hell · helm · hemp
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for help »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
help1, s. 1 Cúnamh m, cuidiú m, cabhair f -rach. With the help of a friend, le cuidiú carad. With the help of a rope, ach rópa a úsáid. With God's help, le cuidiú, cúnamh, Dé. To cry for help, glaoch ar chabhair. Past help, ó tharrtháil. 2 To come to s.o.'s help, tarrtháil a thabhairt ar dhuine; teacht i gcabhair ar dhuine. 3 There's no help for it, níl neart, leigheas, air. 4 a He was a great help to me, ba mhór an cúnamh dom é; ba mhaith agam é. b (Pers.) Cúntóir m; seirbhíseach m; bean f oibre. Mother's help, cailín aimsire, cailín cúnta (ag máthair clainne).
help2, v.tr. 1 Cuidím le, cabhraím le, tugaim cúnamh do. To help s.o. to do sth., cuidiú le duine rud a dhéanamh. That will not help you, ní rachaidh sin ar sochar duit. God help you! go ndearca Dia ort!; go bhfóire Dia ort! So help me God! i bhfianaise Dé!; idir mé is Dia (má tá mé ag déanamh bréige)! He knows how to help himself, is maith is eol dó a leas. God helps him who helps himself, is maith le Dia cúnamh. Help! tarrtháil! The rain will help the crops, déanfaidh an fhearthainn maith don bharr. To help s.o. down, out, lámh chúnta a thabhairt do dhuine (agus é ag teacht) anuas, amach. 2 (At table) a To help s.o. to soup, anraith a thabhairt do dhuine. To help s.o. to wine, braon fíona a chur chuig duine. Help yourself, tarraing ort. b To help the fish, an t-iasc a roinnt, a riaradh. 3 (With negation expressed or implied) a Things we cannot help (happening), rudaí nach bhfuil neart againn orthu. I can't help it, níl neart, leigheas, agam air. It can't be helped, níl neart, leigheas, air. b I can't help laughing, ní thig liom cúl a choinneáil ar na gáirí. c Don't delay any longer than you can help, ná déan moill ach chomh beag agus is féidir.
RELATED MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Adequate help, cuidiú fónta.
Try and help me, féach le cuidiú liom.
He appealed to me for help, d'agair sé mé ag iarraidh mo chabhrach.
I shall help you as far as I can, tabharfaidh mé oiread cuidithe duit agus is féidir liom.
To bawl for help, scairteadh ar chuidiú.
To call for help, glaoch, scairteadh, ar chúnamh.
To call upon s.o.'s help, cúnamh a iarraidh ar dhuine.
I will help you all I can, tabharfaidh mé mo dhícheall cúnta duit.
To cry for help, glaoch ar chabhair.
I am disposed to help you, tá mé toilteanach cabhrú leat.
To help a lame dog over a stile, fóirithin ar an té atá i sáinn.
I shall make it my duty, a point of duty, to help him, cuirfidh mé de chúram orm féin cabhrú leis.
John expects help from you, tá Seán ag brath ar chabhair a fháil uait.
I will help you as far as I can, cabhród leat oiread agus is féidir liom.
He wouldn't lift a finger to help you, ní chorródh sé cos leis chun cabhrú leat.
Help is forthcoming, tá cabhair chugainn, ag teacht.
The promised help was not forthcoming, ní bhfuarthas an chabhair a gealladh.
He is only too glad to help you, níl uaidh ach lámh chúnta a thabhairt duit.
He went to help her, but she got up again, bhí sé chun cabhraithe léi ach d'éirigh sí arís.
God help us! Dia linn!
To lend s.o. a helping hand, lámh chuidithe a thabhairt do dhuine.
Here! Come up and help me! hóigh! aníos anseo leat ag cuidiú liom!
Many people have helped me including . . ., is iomaí duine a chuidigh liom agus . . . mar dhuine.
I should like to be able to help you, ba mhaith liom a bheith in ann cabhrú leat.
Every little helps, bailíonn brobh beart; is mór iad na beaganna i dteannta a chéile.
He helped him a little, thug sé beagán cúnaimh dhó; chuidigh sé beagán leis.
Suppose you helped me instead of looking on, dá mb'áil leat cabhrú liom in áit a bheith ansin ag féachaint orm.
I look to you (for help), tá mé ag brath ar chabhair uaitse.
She was more of a hindrance than a help, ba mhó an chreach ná an chabhair í.
I am much obliged to you for your help, táim fíorbhuíoch díot as do chuidiú.
I have no occasion for his help. níl call lena chúnamh agam.
To pay s.o. for his help, a chineál a chúiteamh le duine.
To give s.o. a (helping) push, lámh chúnta a thabhairt do dhuine.
To recompense s.o. for his help, a chúnamh a chúiteamh le duine.
Rendering of thanks, of help, tabhairt buíochais, cúnta,
He screamed for help, scread sé ar chabhair.
He went away supposedly to fetch help, d'imigh sé leis, i leith agus gur ar thóir cabhrach a bhí sé.
Will you help me? -- Surely, an gcuideoidh tú liom? -- Cuideod cinnte, cad chuige nach gcuideoinn!
I only thought to help you, ag iarraidh cabhrú leat a bhí mé.
To leave nothing undone which might help, gan faillí a dhéanamh in aon rud a rachadh chun sochair.
I am in want of more help, theastódh breis cabhrach uaim.
I helped him in my small way, an beagán cuidithe a bhí ar mo chumas, thug mé dó é.
Well, it cannot be helped, ar ndóigh níl neart air.
Their son will help them - I wonder! tiocfaidh an mac i gcabhair orthu - Níl ann ach 'b'fhéidir.'
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News