Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: díg · diog · díog · do · do-
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for dog »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
dog1, s. 1 Madra m. House-dog, gadhar faire. Sporting dog, gadhar fiaigh. Gun dog, gadhar loirg. Dog racing, rásaíocht cúnna. F: He has gone to the dogs, tá sé imithe chun an donais. He leads a dog's life, is aige atá an bheatha chéasta. To lead s.o. a dog's life, saol cráite a thabhairt do dhuine. To throw discretion to the dogs, dul ar choimirce an tsí gaoithe. To help a lame dog over a stile, fóirithin ar an té atá i sáinn. A hair of the dog that bit you, leigheas na póite é a ól arís. Every dog has its day, faigheann gach duine a sheal. Dog does not eat dog, níor ith na madraí allta a chéile riamh. He hasn't a dog's chance of it, tá sé chomh maith dhó sneachta a chaitheamh ar a lorg. 2 Dog-fox, sionnach fireann. Dog-wolf, mactíre fireann. 3 Sly dog, slíbhín m, bithiúnach glic. He is a lucky dog, tá an t-ádh ag siúl leis. Jolly dog, fear spraíúil. Gay dog, (i) Pej: fear ragairne; (ii) duine aerach. Dirty dog, suarachán m, cneamhaire m. 4 a (Pawl) Ceapachóir m. b Direct-drive dogs, creathanna dírthiomána. 5 Fire-dog, tinebhac m.
dog2, v.tr. Leanaim go dlúth (duine). He dogged my footsteps, choinnigh sé le mo shála. He is dogged by ill fortune, tá an tubaiste anuas air.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The dog was at his heels, bhí an madra lena shála.
He set the dog at him, chuir sé an madra ann, as.
The dog gave a bark, lig an madra sceamh as.
The dog was barking at him, bhí an madra ag tafann, ag amhastraíl, leis.
The dog broke loose, bhris an madra a cheangal.
The dog bristled his hair, chuir an madra colg air féin.
The dog bristled, tháinig cuil, colg, ar an madra.
Dog's camomile, finéal m madra.
They quarrel like cat and dog, tugann siad íde na gcat is na madraí dá chéile.
To chase away a dog, madra a ruaigeadh, a dhíbirt.
It's dogged (as) does it, ní bua go buaine.
He is a dog-in-the-manger, tá sé mar a bheadh tarbh bán Mhaiste.
Fancy dog, fancy breed, sainmhadra m, sainphór m.
To train a dog to fetch and carry, madra a oiliúint le rudaí a thabhairt chuig duine.
Two dogs fighting over a bone, dhá mhadra i gcochall a chéile mar gheall ar chnámh.
Brass fire-dog, madra m práis.
In the form of a dog, i riocht madra.
The dog frightened the thieves away, chuir an madra an teitheadh ar na gadaithe; chuir an madra scaoll sna gadaithe.
He is great on dogs, fear mór cúnna atá ann.
To get a dog into habits of obedience, umhlaíocht a chleachtadh do mhadra; taithí na humhlaíochta a mhúineadh do mhadra.
Hang-dog look, dreach caillte; gotha m an tsnámhaí.
A hard-bitten dog, trodaí teann de mhadra.
To hound the dogs on, na madraí a ghreasú.
The dog kept on barking, bhí an madra ag tafann leis.
He led his wife a wretched life, a dog's life, thug sé saol cráite dá bhean.
To hold a dog on a short leash, madra a chur ar iall ghearr.
To let a dog loose, madra a scaoileadh.
Love me love my dog, más ionúin an chráin is ionúin an t-ál.
F: Isn't he the lucky dog! nach air atá an t-ádh! nach ámharach an mac é!
Mad dog, madra m goimh, madra dúchais,
F: He is a dog in the manger, tá sé mar a bheadh tarbh bán Mhuisire.
Bot: Dog's mercury, praiseach bhráthar.
Sounds there were none save the barking of a dog, fuaim ní raibh le cloisteáil ach tafann madra.
Dog with a good nose, madra atá maith ag cur bolaidh, a bhfuil an tsrón go maith aige.
Pedigree dog, madra m folaíochta.
Performing dogs, madraí mpl cleasaíochta.
Ven: Dog making a point, gadhar agus stiúir air.
Pomeranian (dog), madra m pomaerach.
Pug(-dog), smutmhadra m.
It is raining cats  and dogs, tá sé ag caitheamh sceana gréasaí.
Dog that is not safe, madra contúirteach.
Dog that has no scent, madra gan sróin.
Keen-scented dog, madra géarshrónach.
F: An old sea-dog, seanmhairnéalach m.
To set a dog on s.o., madra a ghreasú, a shaighdeadh, i nduine.
I was set on by the dog, thug an madra áladh orm.
The dog shot past us, scinn an madra tharainn.
A dog similar to yours, macasamhail f do mhadrasa.
Let sleeping dogs lie, ná hoscail doras na hiaróige.
F: Sly dog, cleasaí m, slíomadóir m; codaí m.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
What is the Irish for 'dog'? cén Ghaeilge atá ar 'dog'? conas a déarfá 'dog' i nGaeilge?
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News