Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: headman · human · deamhan · hem · hen
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
he-man, s.F: Fear m urrúnta; fear ceannasach.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He acted the part of an honest man, rinne sé go hionraic é.
He is a man of pleasing address, duine aoibhiúil, suáilceach, é.
He will do it better than any man alive, níl aon fhear beo a dhéanfas é chomh maith leis.
He knows English if any man does, tá Béarla aige má tá sé ag aon fhear beo.
He is a man easy of approach, is furasta dul chun cainte leis, dul ina láthair.
He will keep silent, as I am an honest man, ní labhróidh sé aon fhocal, rachaidh mise i mbannaí.
He is a better man than you, is fearr d'fhear é ná thusa.
He is setting up for a man of consequence, tá sé ag iarraidh boc mór a dhéanamh de féin.
He has been designated as the most generous man of his time, tá sé tugtha suas dó gurb é ba fhlaithiúla lena linn.
He developed into a fine man, rinne sé fear breá.
To hit a man when he is down, duine a bhualadh agus é ar lár.
He is an exceptionally fine man, fear breá amach is amach é.
He is a first-rate man, is é plúr na bhfear é.
He gets along well with the old man, tá sé féin agus an seanduine ag réiteach go maith le chéile.
He is a grown-(up) man, tá sé in inmhe fir; tá sé i mbun a mhéide.
He is an honest man, is fear cneasta é.
Is he a young man? -- He is, an fear óg é? -- Sea.
He is a man of independent means, tá teacht isteach príobháideach aige; tá sé ar an neamhacra.
He is a man of initiative, fear tionscnach é.
He grew into a fine man, rinneadh fear breá de.
What kind of man is he? cén cineál, sórt, duine é?
He was a man of great learning, ba mhór ar fad an fhoghlaim, an léann, a bhí air.
What sort of a man is he to look at? cad é an chosúlacht fir é?
F: He is a made man, sé a choileach a ghlaoigh; tá aige.
He showed himself a man, chruthaigh sé ina fhear (maith).
He is not the man to (refuse, etc.), ní eisean an fear a (d'eiteodh, etc.).
He is his own man, tá sé ina mháistir air féin; níl de mháistir air ach é féin.
Sch: He is a Trinity man, (i) mac léinn de chuid Choláiste na Tríonóide é; (ii) i gColáiste na Tríonóide a bhí sé.
What manner of man is he? cén cineál duine é?
He was a marked man, bhí an tóir ar a dhroim.
He is the man of the moment, is é fear mór na huaire é.
He is not a man to be played with, ní haon dóithín é; fear é a mb'fhearr do dhuine dul lena thaobh.
F: He took his punishment like a man. thóg sé a phosóid mar a dhéanfadh fear.
He comes of a long race of seafaring men, mairnéalaigh a bhí ina mhuintir ariamh anall.
He is a real man, fear ceart é.
He rested his men, thug sé sos dá chuid fear.
He is a sadder and a wiser man, tá ciall cheannaithe aige.
What sort of a man is he to see? cén tsamhail d'fhear é?
That's the sort of man he is, sin agat an sórt duine atá ann.
He is a sound man, is maith an dóigh fiacha a íoc é.
Such men as he and I, a leithéid féin agus mo leithéidse, a shamhail féin agus mo shamhailse.
He is a superior sort of man, tá sé céim os cionn na coitiantachta.
He is a fine man, he is that, is breá an fear é, is breá sin.
He is the only man that she ever praised, is é an t-aon fhear amháin é dár mhol sí riamh.
He’s the man for this sort of work, níl ann ach é chun an tsaghais seo oibre.
He is not a man to forget his friends, ní fear é a ligfeadh a chairde chun dearmaid.
He is not a man to be trusted, ní fear é atá iontaofa.
We shall appoint x, he is the very man, ceapfaimid x, is é an fear ceart é.
He would be a wise man that could tell, is críonna an té a déarfadh.
He is a man of his word, fear dá fhocal é.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News