Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: ac · ach · acht · Acts · acu
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for act »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
act1, s. 1 a Gníomh m, beart m. A just, kind, act, gníomh cóir, cineálta. b Act of Parliament, acht m parlaiminte. c The Acts of the Apostles, Gníomhartha na nAspal. I deliver this as my act and deed, faoi mo láimh. 2 The act of walking, siúl m. He was caught in the very act, thángthas air le linn na coire. Jur: M.Ins: Act of God, (i) gníomh m; (ii) rud nach raibh neart air. 3 Th: Gníomh m (dráma). 4 Phil: Acht m -a.
act2 . 1 v.tr. a To act a play, a character, dráma, carachtar, a dhéanamh. To act a part, páirt a ghabháil. He acted the part of Hamlet, is é a bhí mar Hamlet. He acted the fool, lig sé amach ar amaidí é. b He was only acting a part, ní raibh ina ghnóthaí ach cur i gcéill. He was only acting, ní raibh sé ach ag ligean air féin. c He acted the part of an honest man, rinne sé go hionraic é. 2 v.i. Oibrím, gníomhaím. a It is time for us to act, tá sé in am againn beart a dhéanamh. He did not know how to act, ní raibh a fhios aige cad ba chóir dó a dhéanamh. He acted as a friend to me, bhí sé cairdiúil liom. I thought I was acting for the best, le dea-rún a rinneas é. To act for a person, ionad duine a dhéanamh; gníomhú thar cheann duine. To act as secretary, obair rúnaí a dhéanamh. His daughter acts as his secretary, tá a iníon mar rúnaí aige. To act upon advice, comhairle a chur i ngníomh. He acted up to his principles, rinne sé beart de réir a bhriathair. b The pump is not acting well, tá ainghléas ar an gcaidéal. The engine acts as a brake, déanann an t-inneall obair choscáin, oibríonn an t-inneall mar choscán. c To act (up)on the brain, gníomhú ar, dul i gcion ar, an inchinn. d Th: Cin: Déanaim aisteoireacht. To act in a play, páirt a ghabháil i ndráma.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To act accordingly, beart a dhéanamh dá réir sin.
Acting manager, (i) bainisteoir gníomhach; (ii) bainisteoir sealadach.
Lieutenant acting captain, leifteanant ag gníomhú mar chaptaen.
Th: Acting company, comhlacht m aisteoireachta.
Acting over (of a play), cleachtadh m (dráma).
Acting play, dráma faoi choinne na hamharclainne; dráma inléirithe.
To go in for acting, dul ar an stáitse.
F: It is mere acting, níl ann ach cur i gcéill.
To act adversely to s.o., tarraingt, oibriú, in aghaidh duine.
To act on s.o.'s advice, comhairle duine a dhéanamh.
The last act forms an anticlimax, béim síos atá sa ghníomh deiridh.
Jur: Act of attainder, acht eisreachnaithe.
They are acting in collusion with one another, tá siad rúnpháirteach le chéile.
To act in compliance with our wishes, déanamh de réir ár dtola.
To act in concert with s.o., comhoibriú le duine.
To act in consort with s.o., dul i gcomhar le duine; oibriú as láimh duine.
To act with deliberation, beartú go fadaraíonach.
To detect s.o. in the act, breith ar dhuine san fhoghail.
I don't know why he acts as he does, níl a fhios agam cén fáth a ndéanann sé na rudaí a dhéanann sé.
He acts for the films, déanann sé aisteoireacht ar na scannáin.
To play, act, the fool, bheith ag pleidhcíocht, ag amadántaíocht.
To act for s.o., gníomhú thar cheann duine, in ionad duine.
That act was fraught with evil consequences, ba thrúig oilc an gníomh sin.
To act from carelessness, beart a dhéanamh trí neamhaire, le teann neamhchúraim; gníomh a dhéanamh le neamhaistear.
Given a leader they will act, ach ceann a bheith orthu déanfaidh siad rud éigin.
Don't act the goat, ná bí ag pleidhcíocht.
Act of grace, pribhléid f, carthanacht f.
(Still so used in) Act of grace, (i) litreacha fpl maithiúnais; (ii) pardún m ginearálta.
I am incompetent to act, níl sé d'údarás agam dada a dhéanamh.
He is acting in his own interest, ar mhaithe leis féin atá sé ag obair.
To act irresponsibly, rud a dhéanamh gan mhachnamh.
The Employers' Liability Act, Acht Freagracht na bhFostaitheoirí.
To act a lie, bréag a chur i dtuiscint le gníomh.
His acting is absolutely true to life, tá a chuid aisteoireachta nádúrtha amach agus amach.
He is free to act as he likes, tá sé ar a chomhairle féin; tá cead a chinn aige.
To act as locum-tenens for a doctor, ionadaíocht a dhéanamh do dhochtúir.
To act in one's official capacity, feidhmiú mar oifigeach.
To act on the advice of . . ., beart a dhéanamh de réir chomhairle . . .
To act in opposition to public opinion, dul i gcoinne tuairime an phobail.
Overt act, gníomh oscailte.
To act in a partisan spirit, beartú go claonta.
To act with full powers, gníomhú le lánúdarás.
To act with precipitation, rud a dhéanamh faoi dhriopás, faoi dheifir.
To act under pressure, rud a dhéanamh mar dháil ar an éigean.
Quick to act, luathbheartach.
To act in response to the call of duty, déanamh de réir dualgais.
To act rightly, an ceart a dhéanamh.
The Riot Act, Acht na Círéibe.
F: She read the Riot Act to him, thug sí le fios dó.
Second scene of Act III, an dara radharc de ghníomh a trí.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News