PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is only in the ABC, níl sé ach sa mhiontosach.
He is just back from abroad, níl sé ach tar éis teacht ar ais ón gcoigrích.
Without acceptance of persons, gan fabhar do dhuine ach oiread le chéile.
I was within an ace of falling, ní raibh ann ach nár thit mé.
He was only acting a part, ní raibh ina ghnóthaí ach cur i gcéill.
He was only acting, ní raibh sé ach ag ligean air féin.
F: It is mere acting, níl ann ach cur i gcéill.
F: I don't know from Adam . . ., níl a fhios agam ón spéir anuas, ach oiread le cúl mo chinn....
No longer ago than last week I saw him, níl sé ach an tseachtain seo a chuaigh thart féin ó chonaic mé é.
He has one aim and object in life, níl ar an saol aige ach an t-aon chuspóir amháin.
It is all in the air as yet, níl ann ach caint go fóill.
If that is all (the difficulty), mura bhfuil ann ach sin.
He all but kissed me, ní raibh ann ach nár phóg sé mé.
They were all in all to each other, ní raibh ann ach iad.
He is all alone, níl baistíoch aige ach é féin.
It is almost one hundred years, tá sé céad bliain ach sa bheag.
An expert alone could advise us, ní thiocfadh le aon duine ach le heolaí comhairle ár leasa a thabhairt dúinn.
London alone has a population equal to . . ., ach amháin Londain níl an dara baile a bhfuil oiread daoine ann is atá i . . .
His silence alone is sufficient proof against him, mura mbeadh ann uile ach nach bhfuil focal le baint as, ba leor mar chruthú ina aghaidh é.
Not only... but also..., ní hamháin... ach lena chois..., ach freisin...
Pej: He is only an amateur, níl ann ach gliocsálaí.
He made it his one ambition, ní raibh faoi ná thairis ach é.
Ambulance train, otharthraein f -ach.
Prov: Talk of angels and you will hear the flutter of their wings, tagann gach aon rud lena iomrá (ach an madra rua agus an marbhánach).
Her only answer to me was to weep, ní thug sí de fhreagra orm ach tosú ag gol.
Any but he would have refused, dhiúltódh gach aon duine ach é.
Complete list on application, an liosta iomlán le fáil ach é a iarraidh.
That argues him to be a coward, sin cruthú nach bhfuil ann ach cladhaire.
Who arrived upon the scene but...! cé thiocfadh i láthair ach . . .!
You may have it for the asking, it is yours for the asking, níl ort ach a iarraidh.
It wouldn't have been so bad but . . ., níor chás é ach...
He earns a bare living, níl aige ach ón láimh go dtí an béal.
He had only a bare majority, ní raibh breis aige ach ar éigean.
The bare thought frightens me, creathnaím agus gan ach smaoineamh air.
He is only a fool, níl ann ach amadán.
He was barely able to do it, ní raibh ann ach go raibh sé ar a chumas é a dhéanamh.
I was to have come but . . ., bhí mé le teacht ach . . .
He is bent on ruining you, níl faoi ach do chreachadh.
There is nothing besides, níl ann ach sin.
He is the best worker, níl aon fhear oibre ann ach é.
Bevel-rule, beibhealriail f -ach.
(Except) He has nothing beyond his wages, níl a dhath eile ach a thuarastal, le cois a thuarastail, aige.
Don't bite off more than you can chew, ná leath do bhrat ach mar is féidir leat a chumhdach.
His piety is only a blind, níl ina chuid cráifeachta ach cur i gcéill.
He is (nothing but) a bag of bones, níl ann ach na cnámha agus an craiceann.
Colour bordering on red, dath atá dearg ach sa bheag.
That's all bosh! níl ansin ach corp na hamaidí!
He has it on the brain, níl ar a intinn ach é, tá sé ag luí ar a intinn.
That's all bunkum, níl ansin ach máláideacht.
A poor but honest man, fear bocht ach fear ionraic.